Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4 p.m. más gá, cé go bhfuil súil agam nach gá. Níl aon leithscéal faighte againn. Táimid ag súil le cúpla duine eile. Beidh dhá sheisiún inár gcruinniú inniu. Sa chéad seisiún, pléifimid spreagadh foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge le hionadaithe ó shiopaí leabhar éagsúla. Sa dara seisiún, pléifimid bearta TG4 agus na héilimh réamhcháinaisnéise a bheidh ann roimh ré le hionadaithe ó TG4.

Cuirim fearadh na fáilte roimh na comhaltaí den chomhchoiste atá anseo agus roimh aon chomhalta eile a thiocfaidh isteach chun freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair agus roimh an lucht atá ag breathnú ar an gcruinniú seo ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais nó in aon áit eile. Cuirim fáilte roimh Gráinne Ní Mhuilneoir, bainisteoir An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair; Liam Donnelly, bainisteoir Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath; agus ó Shiopa Leabhar Uí Chionnaith i gContae na Gaillimhe, Sarah Kenny, bainisteoir margaíochta, agus Tomás Kenny, bainisteoir ginearálta. Gabhaim buíochas leo as teacht isteach anseo chun a bheith linn inniu. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra choiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula ndéanfaidh muid plé ar ábhar an lae inniu tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach tá na finnéithe go léir anseo sa seomra cruinnithe inniu. Ba chóir d'aon duine atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór iad atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh cé nach bhfuil sé sin ábhartha inniu, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh, líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Anois, díreoimid isteach ar ábhar an chruinnithe. Aithním go bhfuil na Teachtaí Ó Muimhneachán, McHugh agus Ó Cathasaigh linn ar líne ar Microsoft Teams. Chonaic mé an Seanadóir Kyne ar líne ar feadh tamall freisin. Laistigh sa seomra coiste, seachas mé féin, tá an Teachta Connolly agus an Seanadóir Ó Donnghaile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.