Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Mr. Cathal P?irt?ir:
Ceann de na rudaí atá ann i láthair na huaire ná go bhfuil roinnt scríbhneoirí fíormhaithe ann agus leabhair fíormhaithe ar fáil, an triúr scríbhneoirí anseo san áireamh ansin agam, ach tá go leor daoine nach bhfuil a fhios acu gur ann do na leabhair. Léim léirmheasanna i nuachtáin Éireannacha agus nuachtáin Shasanacha agus éistim leis an raidió agus le podchraoltaí, agus is beag trácht a bhíonn riamh ar aon leabhair i nGaeilge. Éistim le cláracha RTÉ Radio 1 go rialta agus tá mé á gcur san áireamh anseo. Is mór an trua é. Léifidh mé léirmheas ar leabhar éigin Béarla agus feicfidh mé sa Guardiannó The Irish Timesé agus b'fhéidir go gcluinfidh mé trácht air ar “Arena” agus duine éigin faoi agallamh ar chlár radio “Clare Byrne” ag caint faoin leabhar céanna. De réir a chéile deirim liom féin go gceannóidh mé é. Téann tú isteach sa siopa, feiceann tú an leabhar agus ceannaíonn tú é. Sin mar a oibríonn sé. Is ar éigin go bhfuil an chéad chéim den próiseas sin ar fáil i nGaeilge. Is de bharr go bhfuil dílseacht phearsanta agam don Ghaeilge agus do litríocht na Gaeilge a fhaighim amach faoi na rudaí seo ach dá mba rud é go raibh mé ag braith ar an ngnáth chóras poiblíochta agus córas eolais a bhíonn ar fáil faoi leabhair Gaeilge, ní bheadh aon rud ar eolas agam faoi leabhair Ghaeilge, maith, olc nó dona. Is é an trua é mar tá saghas athbheochan ann le deich mbliana nó mar sin. Bhí daoine ag caint ar chaighdeán na filíochta 20 nó 30 bliain ó shin ach braithim go bhfuil éagsúlacht agus caighdeán sna leabhar próis anois. Tá an-chuid scríbhneoirí próis tar éis teacht chun tosaigh nach bhfuil a fhios ag an pobal gur ann dóibh.
No comments