Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Tadhg Mac Dhonnag?in:

Tá rudaí le rá agamsa faoi sin. Nuair a bhreathnaítear ar TG4 agus ar an éagsúlacht chlár atá anois ann, feictear an chaoi ina bhfuil rudaí athraithe. Is cuimhin liom na blianta móra fada ó shin nuair a bhí mé ag obair in RTÉ. Bhí clár agam ina ndéantaí taifead de i gcaitheamh an tsamhraidh agus is saghas clár quiz a bhí ann do pháistí. Bhíomar i gcónaí ag stocaireacht le hagallaimh agus le léirmheasanna a fháil sna nuachtáin. Is cuimhin liom an uair gur scríobhadh léirmheas. Thosaigh sé, mar a bhítí ag an am dá d'fhaightí léirmheas, lena leithéid: “my memories of the Irish language are being terrorised by Christian Brothers, etc., so it was with some surprise that I found myself almost enjoying this programme”.

Tá an rud sin fágtha ina ndiaidh ar fad againn in Éirinn agus tá an chuimhne sin ar bhrúidiúlacht na mBráithre Críostaí tar éis beagáinín de bhás a fháil leis na daoine a d'fhulaing an bhrúidiúlacht sin. Anois, breathnaítear ar an teanga mar rud atá i bhfad níos lárnaí i gcultúr laethúil na hÉireann.

Tá dúshláin ar leith, mar a luaigh Éilís Ní Dhuibhne, i gcomparáid leis na scannáin. Tá daoine in ann dul ag an scannán “An Cailín Ciúin”, breathnú ar na fotheidil agus iad a léamh i mBéarla, agus tá siad an-sásta go bhfuil an deis acu scannán Gaeilge a fheiceáil. Tá an grá sin ann i measc an phobail nach bhfuil an teanga go líofa acu.

Is rud suntasach é sin. Is amhlaidh an scéal nuair a bhreathnaítear ar na leabhair atá scríofa ag Manchán Magan le cúpla bliain anuas freisin, mar shampla, agus an hit mór millteach a bhí ag Doireann Ní Ghríofa leis an leabhar A Ghost in the Throatfaoi Eibhlín Dubh Ní Chonaill, file Gaeilge an ochtú haois déag. Is iontach an rud é nuair a smaoinítear ar an gcaoi a bhí daoine chomh tógtha sin leis mar gur cineál léirithe nua a bhí ann dóibh ar ghné de chultúr na hÉireann agus na Gaeilge nach raibh ar eolas acu.

Tá an oscailt ann ach sílim go gcaithfí mianach na leabhar a athrú, mar a tharla i gcás na teilifíse nuair a bhí cuma ábhairín seanaimseartha ar na cláir theilifíse tráth le fir ag caint leis an gceamara agus cótaí bréidín orthu.

Níl mé ag rá gur mar sin atá na leabhair Ghaeilge ar fad ach sílim go gcaithfidh i bhfad níos mó leabhair nua-aimseartha a bheith ann, atá ag plé le scéalta comhaimseartha, le carachtair óga, le cás na ndaoine óga mar atá anois ann. Tá mé ag caint anois ar dhaoine fásta óga, níl mé ag caint ar dhéagóirí. Caithfidh an éagsúlacht teacht chun cinn agus caithfimid é a fhorbairt agus chuige sin, teastóidh eagarthóirí liteartha, scríbhneoirí agus maoiniú leis na leabhair a chur i láthair agus a phoibliú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.