Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Mr. Liam Carson:
Níl ráiteas ar bith scríofa agam. Labhróidh mé. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Is léitheoir mé. Ní scríbhneoir mé ach go scríobhaim i gComharagus ní foilsitheoir mé. Bhí mise ag obair le comhlachtaí foilsitheoireachta i réimse an Bhéarla amhail Lilliput, Blackstaff agus Wolfhound. Bhí mé ag obair mar phoiblitheoir agus bhí baint agam le cúrsaí margaíochta agus mar sin de. Tógadh le Gaeilge mise ach cé gur tógadh mé le Gaeilge, níor léigh mé mórán i nGaeilge nuair a bhí mé i mo dhéagóir.
Thart ar 2002 nó mar sin, bhí mé i dTír Conaill agus thosaigh mé ag léamh leabhair i nGaeilge arís filíocht le Gearóid Mac Lochlainn agus gearrscéalta le Mícheál Ó Conghaile agus mar sin de. Thug mé faoi deara láithreach go raibh rud éigin suntasach ar fad ar siúl i litríocht na Gaeilge. Bhí sí thar a bheith nua-aoiseach agus mar sin de. Thug mé faoi deara chomh maith ná nach raibh féile litríochta tiomanta don Ghaeilge ann ach go háirithe sa phríomhchathair.
Bhuail mise le Mr. Joseph Woods, a bhí mar aistritheoir ar fhoireann Poetry Ireland ag an am agus bhunaíomar IMRAM. Bhaist Gabriel Rosenstock an t-ainm IMRAM air. Ciallaíonn IMRAM nó iomramh aistriú draíochtúil. Is é an rud a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh ón tús ná ardán a thabhairt do na scríbhneoirí. Má tá cearc agat, ba cheart duit a bheith i lár an aonaigh. Bhí mo dhuine ag rá go raibh cearc againn agus go rabhamar chun an chearc seo a thabhairt isteach i lár na cathrach, chuig lár an aonaigh. Chuireamar imeachtaí ar siúl ina raibh meascán de cheol agus d’fhíseáin agus achan rud mar sin.
Nuair a bunaíodh IMRAM ar dtús, bhíomar faoi scáth Éigse Éireann agus i ndiaidh cúpla bliain nó mar sin, bhunaíomar IMRAM mar chomhlacht ann féin agus tháinig Cathal Póirtéir isteach mar chathaoirleach. Tá fás agus forbairt nach beag tagtha ar IMRAM thar na blianta. Eagraímid thart ar 30 imeacht ar a laghad in aghaidh na bliana. Is é an bhunfhadhb atá ann ná easpa foirne agus cloisim an rud céanna ráite ag gach duine inniu agus léigh mé cuid de na ráitis eile ó fhoilsitheoirí eile. Níl ach dhá fhéile litríochta atá tiomanta don Ghaeilge sa tír seo. Is iad sin IMRAM agus an Fhéile Bheag Filíochta i gCiarraí, féile iontach í dála an scéil.
Níl ach duine amháin fostaithe ag IMRAM. Is mise an t-aon fhostaí. Caithfidh mise tabhairt faoi chúrsaí riaracháin. Tá 60% de mo chuid ama caillte ar chúrsaí riaracháin agus ar chód rialachais agus ar scarbhileoga a líonadh agus mar sin. Tá an obair sin ag ardú bliain i ndiaidh na bliana. Tá naonúir fostaí ag eagras litríochta cosúil le hÁras na Scríbhneoirí. Tá naonúir fostaithe ag Éigse Éireann, Poetry Ireland. Tá triúr fostaithe ag a Munster Literature Centre, Ionad Litríochta an Deiscirt. Tá bunfhadhb ann.
Tá an maoiniú atá ag teacht isteach chuig IMRAM ón gComhairle Ealaíon ag neartú i rith an ama. Níl an teacht isteach atá againn ó Fhoras na Gaeilge ag neartú. Tá sé ar an leibhéal céanna agus a bhí sé deich mbliana ó shin, beag nó mór. Faighimid €10,000 ó chomhairle na cathrach. Tuigim go bhfuil an buiséad atá ag comhairle na cathrach teoranta. Tá an buiséad atá ag Foras na Gaeilge teoranta. Níl mé ag iarraidh locht a fháil ar na daoine atá obair ar chlár na leabhar Gaeilge ach tá sé soiléir nach bhfuil neart airgid acu agus nach bhfuil na hacmhainní acu chun tabhairt do dhaoine, cosúil liomsa, atá ag tochailt ar an talamh. Is é an bhunfhadhb atá ann ná easpa foirne.
Bhí Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint faoi na foilsitheoirí. Má tá mise ag iarraidh imeachtaí a eagrú, ba cheart go mbeinn ar an eolas faoi na leabhair atá ag teacht amach ach. Is minic a thagann Tadhg Mac Dhonnagáin agus duine nó beirt eile le rá go bhfuil leabhar ag teacht amach acu níos moille i mbliana, má bhíonn suim agam imeacht a eagrú bunaithe ar an leabhar seo, ach tá foilsitheoirí eile agus níl clú dá laghad agam cad é atá á fhoilsiú acu, ós é nach bhfuil duine ar bith ar an nguthán.
Nuair a bhí mise i mo phoiblitheoir, b’éigean dom dul thall go Londain agus labhair le daoine i The Guardian agus TheSunday Times. Glacann sé am chun caidreamh a chothú le daoine sna meáin chumarsáide. Más rud é go bhfuil duine ag iarraidh léirmheas a fháil i TheIrish Times, beidh air nó uirthi suí síos le Martin Doyle, eagarthóir litríochta The Irish Times,agus cupán caife a bheith agat leis. B'fhéidir go gcaithfear bualadh leis trí nó ceithre huaire sula mbeadh sé sásta léirmheas a scríobh ar leabhar. Tá obair dochreidte ag baint le cúrsaí poiblíochta agus margaíochta. Má táthar ag iarraidh leabhar a chur isteach i siopa áit éigin, caithfear labhairt leis bliain roimh ré. Caithfidh sé a bheith ar an eolas. Tá sé dochreidte nach bhfuil ach ionadaí amháin ag ÁIS. Tá sé sin dochreidte a bheith ag iarraidh ag obair ar son gach comhlacht foilsitheoireachta i nGaeilge sa tír seo. Tá sé náireach amach agus amach. Tá géarghá le hacmhainní breise ansin.
Tá bunfhadhb leis na féilte litríochta ar fud na tíre. Tá sé luaite ag duine nó beirt eile. Tá straitéis ag teacht amach ón gComhairle Ealaíon atá curtha le chéile ag Sarah Bannan agus Peter Sirr agus molaim go mór an obair atá déanta acu. Tá an straitéis léite agam agus is straitéis láidir atá inti. Beidh sí fógartha ar ball. Eagraíonn IMRAM imeachtaí Gaeilge ag féilte eile. Bhí imeacht againn ag féile a mbeidh a ainm faoi rún. Bhí imeacht ilmheánach againn le ceol agus físeáin. Chaith IMRAM na mílte euro ar an imeacht seo agus ansin, nuair a chuaigh mise chuig an fhéile seo, bhí póstaeir scaipthe ar fud na háite le haghaidh na scríbhneoirí i mBéarla. Bhí póstaeir lámh scríofa taobh amuigh de theach leanna, "Irish event upstairs". Is é sin an nós atá ag cuid mhaith de na féilte.
Tá féilte eile sa chathair seo agus ar fud na tíre agus ní bhíonn oiread agus imeacht amháin acu i nGaeilge. Más rud é go bhfuil imeacht acu i nGaeilge, beidh an imeacht beagnach i bhfolach. Beidh sí ar siúl ar 10 a.m. maidin Dé Domhnaigh nó rud éigin mar sin agus póit ar gach duine ó oíche Shathairn agus pócaí folmha orthu. Tá bunfhadhb ansin.
De réir mar a thuigim an scéal, tá sé de rún ag an gComhairle Ealaíon dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus beidh siad ag caint leis na féilte litríochta ar fud na tíre. Níor cheart dúinn a bheith ag dul thart le bata mór agus a bheith ag iarraidh brú a chur ar dhaoine ach baineann sé seo le hacmhainní agus le hinfheistíocht. Caithfidh comhairleoirí a bheith ag na féilte sin. Níl na daoine acu a thuigeann litríocht na Gaeilge. Is é sin an bhunfhadhb atá ann ach tá daoine ann, cosúil leis na daoine atá ag suí anseo, a bhfuil an-taithí acu agus an-tuiscint acu. Is é infheistíocht agus foireann atá i gceist. Is é sin an bhunteachtaireacht. Caithfimid rudaí a dhéanamh faoi easpa foirne agus infheistíochta agus mar sin de.
Bhí Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint faoi chúrsaí idirnáisiúnta. Má tá cearc agat, ba cheart duit a bheith i lár an aonaigh. Tá sé thar am dúinn scríbhneoirí na Gaeilge a thabhairt thar lár. Tá pobal Gaeilge thall i Nua Eabhrac. Tá club leabhair ansin. Baineann sé arís le hinfheistíocht. Tá imeachtaí dochreidte maith ag IMRAM. Tá an obair déanta. Tá saothar Jack Kerouac aistrithe go Gaeilge. Tá físeán, fuaimrian agus snagcheol. Ba cheart dúinn a bheith in ann é sin a thabhairt go Nua Eabhrac agus chuig an siopa leabhar, City Lights, in San Francisco agus chuig Lowell in Massachusetts, an áit a rugadh Jack Kerouac agus mar sin de.
Tá leabhair nua den scoth cosúil leis sin agus úrscéalta atá scríofa ag Éilís Ní Dhuibhne, Anna Heussaff agus Tadhg Mac Dhonnagáin. Ba cheart dúinn iad a thabhairt thar lear agus deis a thabhairt do phobal na Gaeilge atá thall sna tíortha eile amhail an Bhruiséil agus mar sin de. Arís, baineann sé le hinfheistíocht.
No comments