Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Ms Sadhbh Devlin:
Tá an ceart ag Réaltán Ní Leannáin ansin agus is mise an duine sin. Bhí deis agam a bheith i mo scríbhneoir cónaithe le leabharlanna Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin in 2019 ach gearradh siar é beagáinín in 2019-20.
Nuair a fhaigheann duine an deis sin, is faoiseamh dochreidte é mar tuigtear don duine sin an méid airgid atá ag teacht isteach. Is rud amháin é an ról sin a fháil, ach caithfear obair a dhéanamh ar a shon agus ní hé go bhfuil an spás, an t-am agus an t-airgead ag an duine a bheith ina suí ansin agus ag scríobh. Caithfear rud éigin a thabhairt ar ais don eagras. Téitear i mbun léachtóireachta, cúrsaí a reáchtáil, cur i láthair a dhéanamh, nó taispeántais a eagrú agus bíonn obair i gceist leo siúd freisin. Is róil iontacha iad nuair a fhaightear an deis, mar sin féin.
Tá scéim cónaithe trí Laureate na nÓg faoi láthair: an bosca leabharlainne, le bunscoileanna timpeall na tíre. Bhí deis agam é sin a dhéanamh i mbliana freisin agus a bheith ag obair le dhá scoil a bhfuair bosca leabharlainne de leabhair Ghaeilge do pháistí mar bhronntanas. Tháinig scríbhneoirí ann agus rinne Réaltán Ní Leannáin an ról seo le scoileanna eile. Rinneamar an-chuid oibre thar thréimhse sé seachtainí leis na scoileanna seo ó naíonáin bheaga suas go dtí rang a sé. Bhíomar ag cothú na léitheoireachta Gaeilge agus ag léiriú dóibh an cineál leabhair agus na seánraí éagsúla atá ar fáil dóibh chun iad a spreagadh dul i mbun léitheoireachta ar mhaithe leis an spraoi, agus ní mar obair bhaile nó obair ranga amháin.
No comments