Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Sadhbh Devlin:

Gabhaim míle buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh teacht isteach inniu. Scríobhaim leabhair phictiúir do pháistí óga. Is é sin an cineál leabhair Ghaeilge is feiceálaí, b'fhéidir, mar is leabhair mhóra iad, tá siad ildaite, breathnaíonn siad go hálainn ar sheilfeanna agus tá siad feiceálach dá réir. Is maith le tuismitheoir, bíodh Gaeilge acu nó nach mbíodh, go mbeadh leabhair Ghaeilge á gcur ar fáil do pháistí óga. Bím ag obair, cuid mhaith, le bunscoileanna. Feictear dom i gcónaí, faoi rang a cúig is a sé, go dtiteann an spéis i léitheoireacht sa Ghaeilge mar go gceapann na daltaí go mbaineann sé leis an scoil amháin agus nach bhfuil ann ach obair bhaile. Bím ag obair i gcónaí ag iarraidh an meon sin a athrú leo agus a chur in iúl dóibh go bhfuil leabhair iontacha do pháistí níos sine, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Is gá dúinn na páistí sin a chothú.

Bíonn titim siar sa léitheoireacht i measc na haoisgrúpa sin in aon teanga ach táthar ag iarraidh iad a chothú mar, amach anseo, is iad siúd na scríbhneoirí Gaeilge, na léitheoirí agus na custaiméirí. Feictear dom go bhfuil sé sin an-tábhachtach, go bhfuil obair le déanamh ansin, agus go bhfuil féidearthachtaí ann mar go bhfuil scríbhneoirí ag obair i scoileanna go minic. Tá Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg atá againn faoi láthair, ag déanamh obair agus ag treabhadh sa ghort sin, agus tá súil agam go mbeidh dul chun cinn maith ansin.

Díreach mar a bhí á rá ag Réaltán Ní Leannáin freisin, bíonn an saol ann mar scríbhneoir agus bíonn an saol le linn duit a bheith ag scríobh agus, go minic, maidir liom féin mar scríbhneoir lánaimseartha proifisiúnta, is a laghad ama a chaithim i mo shuí chun deisce ag scríobh. Caithim an-chuid ama ag réiteach cuairteanna ar scoileanna, ar leabharlanna agus ar fhéilte agus ag múineadh ranganna. Bhí mé ag múineadh leis an Irish Writers Centre agus bítear ag dul i mbun oibre má tá cónaitheacht nó mar sin ag an scríbhneoir. Is mó ama a chaitheann an scríbhneoir leis na tograí sin agus táthar ag iarraidh i gcónaí an chothromaíocht sin a bhaint amach. Bítear ag iarraidh níos mó saothar a theacht amach uait ag an am céanna ionas go mbeidh tú in ann leanúint ar aghaidh leis an obair sin.

Beidh an scéim phíolótach don ioncaim bhunúsach an-chabhrach sa chás sin ionas go mbeidh cothromaíocht níos fearr ann agus is é sin an rud is mó atá tarlaithe sna healaíona seo le fada an lá. Tá sé ríthábhachtach go leanfar ar aghaidh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.