Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Ms Katherine McSharry:
Chun an freagra a chríochnú, táimid i lár ár dtionscadal tógála is suntasaí ó a d'osclaíomar ár ndoirse den chéad uair in 1890. Nuair a bheidh an obair críochnaithe in 2025 cuirfidh sé taispeántas den scoth, seomraí foghlama, caifé agus siopa ar fáil. Beidh go leor deiseanna ann chun léitheoireacht i nGaeilge a spreagadh agus chun tacú leis an bhfoilsitheoireacht Gaeilge. An rud bunúsach a dhéanaimid de ghnáth ná cóip de gach leabhar atá foilsithe i nGaeilge a cur ar fáil do gach éinne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ach beidh taispeántas nua againn agus beidh seans againn na foilseacháin Gaeilge a dhíol sa siopa. Beidh cartlainne agus léamha i nGaeilge ar siúl agus tá sé beartaithe againn cóipeanna breise de leabhair Ghaeilge a cheannach agus iad a chur ar fáil do gach éinne chun iad a láimhseáil agus a bhrabhsáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
No comments