Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Mr. Gear?id ? L?ing:
Chaith mé tamall maith ag obair leis an taisce dlíthiúil. Is saothar an-spéisiúil é ach ar shlí níl sé éasca. Déanaimid iarracht ábhair i nGaeilge agus i dteangacha eile a foilsíodh in Éirinn a aimsiú agus iad a chur ar ordú agus nuair a thagann siad isteach iad a chlárú agus a chur ar na seilfeanna. Tríd is tríd tá sé deacair go leor teacht ar gach rud. Níl sé ródheacair foilseacháin na bhfoilsitheoirí móra a aimsiú mar bíonn poiblíocht ann, bíonn suíomh gréasáin acu agus bíonn catalóige agus léirmheasanna ann. Is féidir teacht ar an eolas sin gan mórán dua. I gcónaí rud atá deacair a aimsiú ná na leabhair shingil, abair leabhar cosúil le stair pharóiste nó stair chlub Cumann Lúthchleas Gael. Tá na leabhair sin an-thearc. Déanaimid iarracht iad a fháil ach tugann sé tamall teacht ar na rudaí sin agus uaireanta ní féidir teacht orthu ach b’fhéidir sa pharóiste, sa chontae nó sa bhaile inar foilsíodh iad. Ó 1877 bhféidir nach raibh dóthain foirne againn chun teacht ar na foilseacháin sin go léir. Ba mhaith an rud é dá mbeadh níos mó foirne againn chun a bheith ag obair sa réimse sin den taisce dlíthiúil chun ábhair a aimsiú agus a chur ar ordú agus iad a chlárú nuair a thagann siad isteach.
No comments