Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Ms Katherine McSharry:
Táim buíoch den choiste as an deis a bheith anseo inniu chun labhairt lenár gcomharsana. Is stiúrthóir gníomhach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mé. Tá mo chomhghleacaí, Gearóid Ó Lúing, ár leabharlannaí bailiúcháin speisialta, in éineacht liom. Cosúil lena lán dár bhfoireann, táim ar mo thuras féin ar ais go dtí caighdeán sásúil Gaeilge. Táim ag freastal ar ranganna oíche faoi láthair. Mar sin, ag brath ar cheisteanna na gcomhaltaí, b'fhéidir go gcuirfidh mé faoi bhráid Ghearóid iad le haghaidh freagra, go bhfreagróidh mé iad i nGaeilge mé féin, má táim sásta gur féidir é sin a dhéanamh go cuí, nó go dtabharfaidh mé freagra i mBéarla. Táim buíoch as foighne an choiste ina leith seo.
Bunaíodh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 1877 agus tá sí beagnach 150 bliain d’aois. Táimid ar fáil do gach uile dhuine a bhfuil suim acu in Éirinn, pé áit ar domhan ina bhfuil siad lonnaithe. Coinnímid na bailiúcháin náisiúnta ar iontaobhas do mhuintir uile na hÉireann agus is é ár misean cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil, maraon le fís uaillmhianach: scéalta na hÉireann a roinnt leis an domhan trínár mbailiúcháin nach bhfuil a sárú le fáil.
Cuimsítear sna bailiúcháin sin níos mó ná 12 milliún mír: leabhair agus nuachtáin, grianghraif agus lámhscríbhinní, léarscáileanna agus priontaí agus líníochtaí agus, níos mó agus níos mó, ábhar digiteach lena n-áirítear láithreáin ghréasáin Éireannacha.
Deir alt 12(1) den Acht um Fhorais Chultúrtha Náisiúnta, 1997, gurb iad príomhfheidhmeanna bhord na Leabharlainne Náisiúnta an t-ábhar leabharlainne atá i mbailiúchán na leabharlainne a chaomhnú, a athchóiriú, a choinneáil i gcóir mhaith agus a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal; agus taifead d’ábhar leabharlainne, lena n-áirítear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge, a bhaineann le hÉirinn a bhunú agus a choinneáil. Faoi alt 12(2)(h) den Acht, i measc chumhachtaí bhord na leabharlainne atá sainaitheanta tá an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige.
Táimid an-aireach faoinár ról i dtaca leis an nGaeilge agus cuirtear béim air sin inár straitéis reatha a mhairfidh ó 2022 go 2026. Tacaímid le foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge thar a lán réimsí dár gcuid oibre. Inár n-aighneacht níos faide, tá achoimre tugtha againn ar na bealaí a dhéanann muid é seó sna réimsí seo a leanas: ár mbailiúcháin agus ár seirbhísí taighde, catalóga agus leabharliostaí, ciste um dhigitiú, seirbhísí dátheangacha, suímh ghréasáin, cláreagrú agus taispeáint, comhpháirtíochtaí agus comhoibrithe, clár forbartha caipitil agus foireann.
Tá áthas orainn gur tugadh deis dúinn an obair sin a thabhairt chun suntais agus réimsí a léiriú a gcreidimid gur féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh iontu. Ba mhaith linn aird a tharraingt ar mholadh inmhianaitheacht na reachtaíochta a bhaineann le taisce dhlíthiúil a leathnú chun suímh ghréasáin agus foilsitheoireacht leictreonach a chuimsiú le cinntiú go bhféadfadh leis an Leabharlann Náisiúnta an fearann .iear fad a bhailiú, na suímh Ghaeilge go léir san áireamh.
Ba mhaith linn aird a tharraingt freisin ar an gcumas a bhaineann lenár athfhorbairt mhór den phríomhchampas ar Shráid Chill Dara. Leis an bhforbairt shuaitheanta nua sin, cruthófar go leor deiseanna chun foilsitheoireacht agus léitheoireacht i nGaeilge a thaispeáint idir thaispeántais thiomanta shealadacha agus stocáil foilseachán Gaeilge inár spás miondíola nua agus aird a tharraingt orthu. Beidh an leabharlann ábalta ár gcuid oibre sa réimse sin a fhorbairt tuilleadh.
Tarraingeoidh mé aird ar ár bpríomhshuíomh gréasáin ag www.nli.ie, atá 15 bliana d’aois anois agus á athfhorbairt agus á athsheoladh go hiomlán roimh dheireadh na bliana. Beidh an suíomh nua go hiomlán dátheangach ó sheolfar é agus tá réiteach á fhorbairt leis an dearthóir gréasáin lena chinntiú go ndéanfar gach nuashonrú a aistriú ar bhonn rialta sa chaoi is go mbeidh an suíomh go hiomlán dátheangach i gcónaí. Cuirfear leis seo cuspóirí nua le haghaidh ábhar dátheangach trasna ár mbealaí cumarsáide go léir.
Díreoidh mé aird freisin ar an digitiú leanúnach atá á dhéanamh ar ábhar Gaeilge atá as cóipcheart ionas go mbeidh sé ar fáil go héasca ar líne, ar an bhfeabhsú ar inniúlacht na foirne maidir leis an nGaeilge mar atá béim curtha air inár straitéis nua, agus ar fhorbairt ár gcláreagrú Gaeilge.
Cuirimid fáilte roimh gach tacaíocht agus cúnamh, cuidiú ó bhaill an choiste san áireamh, lucht spéise a chothú dár gcláreagrú agus seirbhísí Gaeilge mar d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh teagmháil leis na daoine go léir a mbeadh spéis acu leas a bhaint as an réimse leathan a chuirimid ar fáil.
No comments