Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an grúpa finnéithe seo a leanas os ár gcomhair chun cuidiú linn sa díospóireacht seo: an leabharlannaí bailiúchán speisialta, Gearóid Ó Lúing, agus stiúrthóir gníomhach, Katherine McSharry, thar ceann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann; Aidan Courtney, stiúrthóir Coimicí Gael agus Ruaille Buaille agus atá anseo thar a gceann; Eoghan MacCormaic thar ceann www.cluiche.ie; agus Alun Ceri Jones, stiúrthóir Dalen Éireann. Gabhaimid ár mbuíochas leo uile as a bheith anseo linn inniu. Tá duine amháin eile, Áine Ní Éanaigh, thar ceann Ghlór na nGael agus an siopa ar líne atá ag an eagraíocht sin www.siopaudar.ieagus bhíomar ag súil go mbeadh sí anseo inniu ach ní féidir léi toisc cúrsaí tinnis. Is féidir le daoine dul ar an suíomh sin agus féachaint céard atá á dhíol ar an suíomh sin. Táim cinnte go bhfuil díolacháin ar leabhair agus a leithéidí as Gaeilge.
Cuirfimid tús le gnó an chruinnithe. Tá roinnt stuif atá tagtha chun cinn gur ghá déileáil leis ag deireadh an chruinnithe.
Cuirfidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tús le cur i láthair na bhfinnéithe agus cuirfidh muid ceist ar na finnéithe eile i ndiaidh a ráiteas siúd.
I bhfíorthús báire caithfidh mé an ráiteas seo a léamh amach. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag daoine freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá aon duine ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a ngléas físeáin a bheith ar siúl an t-am go léir le go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán.
Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin. Ba chóir dúinn a chinntiú go bhfuil ár micreafóin múchta nuair nach bhfuil muid ag caint agus muid ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil nó ón seomra.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh déanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.
Anois, déanfaimid breathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar Katherine McSharry tús a chur leis an bplé thar ceann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
No comments