Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl a fhios agam an bhfuil aon rud eile gur féidir liom a chur leis sin faoi láthair. Beidh na siopaí leabhar Gaeilge os ár gcomhair amach anseo. Tá cuireadh tugtha againn d’Easons chomh maith ó thaobh point of sales, cá mbíonn na leabhair Ghaeilge ar na seilfeanna agus na fadhbanna atá acu. Beimid ag díriú isteach air sin. Má smaoiníonn na finnéithe ar rud éigin nár phléigh muid, féadfaidh siad scríobh isteach chugainn. Beimid ag déileáil leis seo ar feadh trí nó ceithre chruinniú eile, ar a laghad. Beidh roinnt de na húdair ag teacht os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn agus an tseachtain ina dhiaidh. Is ar gach gné den fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht atáimid ag díriú. Táimid ag súil go mbeidh tuairisc cuíosach substaintiúil againn ag déileáil leis an réimse iomlán. B’fhéidir go mbeimid ag teacht ar ais ag Alun Ceri Jones le ceisteanna eile mar gheall ar cad a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag sa chaoi gur féidir linn a rá go bhfuil an cuma air go bhfuil rudaí ansin i bhfad Éireann níos fearr ná mar atá ag tarlú dúinne faoi láthair.

Go n-éirí an t-ádh leis an Leabharlann Náisiúnta sa bhliain romhainn. Tá an cuma air go bhfuil go leor stóras ansin ach díreach do leabhair amháin ag an am. Tá Eoghan Mac Cormaic ag díol leabhar é féin. Cé mhéad a bhí aige sa boot le déanaí? Tá dhá leabhar foilsithe aige le tamall beag. Tá sé ag díol ceann amháin as Gaeilge agus ansin tosóidh sé ar an gceann Béarla, atá foilsithe chomh maith. Nach ea?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.