Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Mr. Eoghan Mac Cormaic:

Luaigh an Cathaoirleach go mbíonn focail i gceist nuair atá daoine ag foghlaim i ngan fhios dóibh féin. Tá cluichí againn ar nós "Spraoi le Brí". Sular thugamar é sin amach, thugamar cluiche charades as Gaeilge amach. Is é an rud atá i gceist leis an gcluiche sin ná go bhfuil sé in aghaidh na teanga - tá duine éigin ag déanamh aisteoireacht gan focal a rá. Go tapa, dúirt mé nach raibh mé ag iarraidh dul an treo sin ach chun daoine a chur i dtreo na teanga. Chruthaigh mé an cluiche "Spraoi le Brí". Tá cluichí cosúil leis i dteangacha eile freisin. Scríobhtar an focal síos agus caitear an focal a mhíniú gan an focal féin a úsáid. Ciallaíonn sé sin go bhfuiltear ag tarraingt focal as gach áit le rud éigin a mhíniú. Má tá an focal "capall" i gceist, bítear ag caint faoi mharcaigh, ag rith, ag sodar agus ag léim thar sconsa. Táthar ag baint úsáid as focail eile ansin dá bharr. Tá sé sin an-tábhachtach mar is é sin an saghas cluiche nach bhfuil dúshlán mór stórála i gceist leis.

Mar a deirim, nuair a théitear i gcomórtas leis an saol idirnáisiúnta, tá daoine ag súil go mbeidh an táirge sa phacáistiú agus sa bhosca céanna. Má tá 2,000 cóip de rud mar sin le bheith agat, thiocfaí go mbeifí in ann iad a stóráil i ngluaisteán ach is ceist iomlán dhifriúil é seo.

Chomh maith leis sin, nuair atá leabhar á chur amach, táthar ag súil go bhfaighfí réidh leo i ngaireacht tréimhse réasúnta gairide ansin; is é sin taobh istigh de roinnt míonna.

Le gach iris, tá ceann nua ag teacht trí mhí ina dhiaidh sin. Beidh cluichí mar seo ina suí ar feadh tamall fada. Mar sin, tá tú buartha faoi thaise, dúch, athrú teochta agus a leithéidí sin. Seo rudaí, i ndáiríre, atá i bhfad taobh amuigh de réimse eagraíochtaí Gaeilge. Ní saineolaithe muidne ar na hábhair seo. Ghlac muid leis an sprioc rudaí a chruthú agus ansin fágadh muid leis an bhfadhb iad a stóráil. Molaim áit stórála d’fhoilsitheoirí agus eagraíochtaí a chruthaíonn cluichí, leabhair agus rudaí mar sin, ar chostas réasúnta. Nílimid ag iarraidh rud saor in aisce. Dá mbeadh sé sin ann ar chostas réasúnta, bheadh sé ina chuidiú an-mhaith. Chomh maith leis sin, cuireann rudaí mar seo an teanga ar an léarscáil do dhaoine. Tuigeann siad ansin go bhfuil an réimse chomh leathan sin go bhfuil na heagraíochtaí agus foilsitheoirí ag iarraidh spás stórála dó. Nílim ag rá go gcaithfidh sé seo a bheith lárnach nó in aon áit amháin ach beidh tacaíocht de dhíth don stóráil amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.