Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Luaigh Eoghan Mac Cormaic stóras. Tuigim cás an stórais. Bhí mé thíos i gCló Iar-Chonnacht an tseachtain seo caite agus chonaic mé an stór mór agus an siopa leabhar atá ag an gcuideachta sin agus tá sé beagnach lán cheana féin. Táim ag labhairt faoin stuif nua amháin anseo. Tá an sean stuif, is dóigh liom, fós i dteach Mhíchíl Uí Chonghaile. Ní foilsiú fisiciúil amháin atá i gceist le foilsiú mar tá an stóras, an díolachán agus an mhargaíocht i gceist leis freisin. An bhféadfadh ár dtriúr aíonna míniú a thabhairt don chomhchoiste ar an gceist seo? Tá sé i gceist ag an gcomhchoiste tuarascáil a chur le chéile. Beidh moltaí, ní hamháin don Aire Stáit ach freisin d’Fhoras na Gaeilge - atá freagrach as clár na leabhar Gaeilge - agus don Chomhairle Ealaíon, á ndéanamh ag an gcomhchoiste. Cad iad na rudaí agus an sórt cuidithe breise a bhféadfaimis a thabhairt ó thaobh fhoilsitheoireacht na Gaeilge de chun daoine a mhealladh i dtreo na Ghaeilge chun í a labhairt nó, fiú amháin, idirghabháil a dhéanamh leis an teanga?
No comments