Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé an-deacair díriú isteach ar chluiche agus a rá nach bhfuil sé oideachasúil. Bhí mé i mo mhúinteoir ar litearthacht as Béarla le daoine den aois 16 agus 17 a tháinig amach ón scoil gan léamh ceart acu. Bhí mise á múineadh ar feadh tréimhse. Bhí curaclam tugtha dom ach ní rithim i gcónaí le rudaí a thugtar dom. Mar chuid den churaclaim a chothaigh mé, bhí sé mar nós againn suí síos le cluichí ar nós "Discover Ireland" nó “Who wants to be a Millionaire?”. Lá amháin,agus ceann de na cluichí sin ar siúl againn, tháinig an cigire isteach agus thosaigh sé ag gearán nach raibh mé ag cloí leis an gcuraclam. Ní curaclam ceart a bhí i gceist an tráth sin. Dúirt mé leis an gcigire go raibh gach uile leaid sa rang - is buachaillí amháin a bhí sa rang sin; bhí rang eile agam le cailíní - ag léamh. Níor aithin siad go raibh siad ag léamh, cé go raibh siad ag léamh na cártaí amach os ard os comhair daoine eile. Is cluiche a bhí ann ach cluiche ina raibh siad ag úsáid rud nár thuig siad. Níor thuig siad go raibh siad in ann léamh. Tar éis cúpla seachtain, bhí siad breá sásta rudaí eile a dhéanamh.

Má tá focail i gceist leo in aon chor, is meáin oideachasúla iad na foilseacháin éagsúla seo. Tá sé go maith go bhfuil an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag tabhairt an aitheantais sin dár n-aíonna gur féitheacha oideachasúla iad na foilseacháin seo. Chomh maith leis sin, ámh, is féitheacha nó gnéithe chultúrtha iad freisin agus ba chóir níos mó a dhéanamh leo. Tá an ceart ag Aidan Courtney mar gheall ar animation. Ní gá dúinn ach féachaint ar cé chomh minic is atá Cartoon Saloon curtha chun cinn ó thaobh na Oscars de, agus an líon daoine atá gafa leo ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.