Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Mr. Aidan Courtney:
Tá greannáin Ollainnise agam agus cinn Spáinnise ón bhfoilsitheoir iontach seo. Bím ag gáire nuair a bhím ag léamh Garfield, atá curtha in iúl i dtrí bhosca, sa chuid is mó. Nuair a théim go dtí scoileanna agus nuair a bhím ag caint leis na daltaí, bíonn an-spraoi acu nuair a bhíonn siad ag cruthú greannáin agus á léamh. Téann siad ar ais arís is arís eile go dtí an leabhar céanna. Nuair a bhíonn daoine ag gáire, bíonn tuiscint acu ar an teanga - bíonn siad ag léamh ach bíonn spraoi acu. Is é sin an smaoineamh a bhí againn chun an tallann atá in Éirinn a úsáid. Tá sé tábhachtach mar go bhfuil a lán daoine ag obair in Éirinn le Beochan agus le foilsitheoirí iontacha eile anseo.
No comments