Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Bímid gnóthach. Ligimid orainn go mbíonn ar aon nós. Tá sé fágtha fúm roinnt cheisteanna a chur. Cuirfidh mé ceist ar Alun Ceri faoin méid a dúirt sé ansin agus a chuir sé os á gcomhair. Deireann sé, toisc an sórt oibre atá á fhoilsiú ag Dalen, nach féidir le clár na leabhar Gaeilge cuidiú leis agus go raibh sé ag braith ar an gComhairle Ealaíon ó thaobh deontais de. An féidir le Alun Ceri míniú a thabhairt dúinn air sin? An bhfuil sin fíor faoi Cluiche.ie freisin? In ainneoin go bhfuil sé ag foilsiú stuif i nGaeilge, ní thiteann sé isteach go néata i deontais an Stáit. B'fhéidir gur sin ceann de na moltaí gur féidir teacht as an gcoiste seo, gur chóir go mbeadh an córas beagáinín níos fearr ó thaobh déileáil le gnéithe eile den léitheoireacht agus den bhfoilsitheoireacht, nach díreach gnáth téacsleabhair, úrscéalta nó a leithéid ar chóir go mbeadh clúdaithe ag clár na leabhar Gaeilge amach anseo.
No comments