Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Robert McMillen:

Níor choinnigh an coiste an finné is fearr go dtí an deireadh. Thaitin an chaint sin go mór liom. Tá cineál imposter syndrome orm anois. Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith anseo chun labhairt leis an gcoiste.

Creidim nach dtuigeann gach duine ó Dheas an obair atá á dhéanamh ag The Irish Newsle corradh agus 40 bliain anuas, agus ó 2015 ach go háirithe. Mar sin, ba mhaith liom mé féin agus an páipéar a chur in aithne don choiste. Is mise Robert McMillen, saoririseoir agus, níos tábhachtaí arís, eagarthóir Gaeilge The Irish News. Tá mé ag obair mar shaoririseoir ó rinne mé chéad mharatón Bhéal Feirste in 1982, ag déanamh tuairisce do Raidió Uladh ar mo chuid eachtraíochta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 1984, scríobh mé mo chéad alt do The Irish News, a raibh colún seachtainiúil Gaeilge acu ag an am, agus lean mé liom go dtí gur tugadh mo cholún féin dom. Cé go raibh mé ag obair sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste ag an am, thaitin an scríbhneoireacht an oiread sin liom gur thosaigh mé ag scríobh ailt don nuachtán seachtainiúil Anois, más buan mo chuimhne, agus ansin don Andersonstown News. Ag deireadh na 1980idí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag iarraidh orm píosaí a dhéanamh beo faoi imeachtaí polaitíochta ó Thuaidh agus bhí mé go rialta ar Raidió Uladh ag caint ar chúrsaí ealaíne. Bhí an oiread sin oibre iriseoireachta agam gur ghlac mé trí bliana saor ó m’obair sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste le cúrsa san iriseoireacht a dhéanamh, ag obair mar shaoririseoir ag an am céanna. Ó shin i leith, bhí mé ag scríobh do Foinse, ón chéad eagrán in 1996 go dtí an t-eagrán deireanach in 2013, agus bhíodh colún míosúil agam ar Beo.ie. Bhí clár snagcheoil agam ar Raidió Fáilte agus ghlac mé páirt i gcláir éagsúla teilifíse, ar nós "Gaisce Gnó" don BBC, chomh maith le "Idir Mná", "Scéalta Bhaile Átha Cliath", "Éagóir", "Racht" agus an scannán faisnéise ar Peter O'Toole a craoladh ar TG4 ag an Nollaig.

In 1999, tugadh post lánaimseartha dom ag The Irish News, mar scríbhneoir sain-ailt Bhéarla, ag scríobh faoi chúrsaí ealaíne sa chuid is mó, mar leabhair, ceol, drámaí, scannáin. B’éigean dom dul go Londain le ceisteanna a chur ar leithéidí Angelina Jolie, Tom Hanks, Morgan Freeman agus Cate Blanchett dó sin. Fuair mé deiseanna fosta taisteal thar lear le hailt taistil a scríobh. Bhí colún fíona agam agus bhí an colún Gaeilge agam i rith an ama.

In 2005, chinn The Irish Newscur go mór leis na leathanaigh Ghaeilge ar an bpáipéar. Rinne siad seo gan pingin rua de mhaoiniú a fháil ó dhream ar bith. Mar sin, in 2006, rinneadh eagarthóir Gaeilge díom agus cúig leathanach sa tseachtain agam - "The Bluffer’s Guide to Irish" ar an Luan, ábhar ó Foinse ar an Mháirt, cúrsaí Gaeloideachais ar an gCéadaoin, cúrsaí ealaíne ar an Déardaoin agus cúrsaí spóirt ar an Aoine. Bhí an-tóir ar na leathanaigh chéanna i scoileanna, ag ciorcail neamhfhoirmiúla léitheoireachta, i measc an aosa léinn agus i measc pobal na Gaeilge go ginearálta. Mhéadaigh muid líon na leathanach faoi dhó go dtí deich leathanach sa tseachtain agus d’fhostaigh muid fo-eagarthóir ar bhonn lán-aimseartha. Nuair a tháinig deireadh le Foinse, chuir muid isteach ar an gconradh do cibé foilseachán a thiocfadh mar chomharba ar Foinse. Ar an drochuair, ní bhfuair muid an conradh. Chuaigh sé chuig Gaelscéal. Caithfidh muid cuimhneamh gur comhlacht trádála príobháideach é The Irish News– mar aon le gach nuachtáin sa tír. Is le teaghlach amháin, muintir Fitzpatrick, an páipéar agus tá siad thar a bheith tiomanta don Ghaeilge ach tá an costas a bhaineann le newsprint, mar shampla, an páipéar ar a bhfuil na scéalta uilig scríofa, chomh hard sin nach raibh sé ar a n-acmhainn deich leathanach Gaeilge sa tseachtain a choinneáil gan aon mhaoiniú. Inniu, tá trí leathanach sa tseachtain ar an bpáipéar - "The Bluffer’s Guide to Irish" ar an Luan, leathanach a bhfuil an-tóir air, agus dhá leathanach eile ina bhfuil ábhair a chreidim féin a bheith suimiúil.

Ba mhaith linn go fóill cur go mór le líon na leathanach Gaeilge atá ag The Irish News. Cad é a thiocfadh linn a dhéanamh san am atá le teacht? Bheadh orainn smaoineamh ar an dóigh is fearr le cibé maoiniú a chuirfí ar fáil a úsáid. D’fhéadfaimis leathanaigh bhreise a fhoilsiú dírithe ar dhaoine óga, ceann dírithe ar léirmheasanna leabhar – caithfimid labhairt faoi sin níos moille – agus leathanaigh ar gach cineál ábhar. D’fhéadfaimis fosta iriseoirí a thraenáil, bíodh muid ag caint ar chéimithe nó ar dhaltaí meánscoile. Mar nuachtán atá ar an saol le 130 bliain anuas, tá taithí againn i ngach réimse den iriseoireacht agus den fho-eagarthóireacht. Níl barúil agam cén costas a bheadh leis sin. Is í ceist na circe agus na huibhe atá i gceist. Tá mé breá sásta cibé ceisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt oiread agus is féidir liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.