Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is dóigh gur ó thaobh na ríomhleabhar atá sé. Tá breis agus 200 ríomhleabhar againne agus mar a luaigh mé, tháinig 1% d’ár teacht isteach ó ríomhleabhair. Léiríonn sé sin nach bhfuil an t-éileamh sin ann. An bhfuil an t-éileamh ag teacht ó na leabharlanna? Ní léir go bhfuil. Dá mbeadh, bheadh an díolachán ó ríomhleabhair i bhfad níos airde ná mar atá sé. Tá córais faoi leith ann. Ní féidir leis na foilsitheoirí na leabhair a dháileadh go díreach ar na córais sin. Tá sé ar nós a bheadh sé d’aon mhór-fhoilsitheoir eile. Téann siad tríd an gcóras agus cuireann siad ar fáil na leabhair le haghaidh leithéidí Kindle, Kobo agus na léitheoirí éagsúla. Is léir nach bhfuil an t-éileamh sin ag teacht ó na leabharlanna mar dá mbeadh, bheadh díol níos mó ar na ríomhleabhair. Nuair a thosaigh an phaindéim, bhí feachtas againne le ríomhleabhair a thabhairt amach in aisce, ceann in aghaidh na seachtaine, ar feadh cúpla mí. Bhí éileamh áirithe air sin ach ní fhéadfainn a rá go raibh éileamh mór ann i gcomparáid leis an éileamh a bhí ar ghnáth-leabhair. Níl comparáid ar bith idir an dá rud. Níl a fhios agam an mbaineann sé sin leis an dream atá ag léamh, gur fearr leo an fíor-leabhar. Tá sé seo le feiceáil ag foilsitheoirí Béarla anois freisin. Bhí sé á thuar ar feadh i bhfad go mbeadh na ríomhleabhair ag teacht chun cinn agus go mbeadh deireadh leis na siopaí leabhar agus fíor-leabhair. Níl sé sin amhlaidh, agus níl sé amhlaidh leis na foilsitheoirí Béarla ach an oiread. Tá sé cruthaithe anois, agus tá an scéal céanna acusan, gur mó díol atá ar ghnáth-leabhair ná atá ar ríomhleabhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.