Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Darach ? Scola?:

Tá mé fíorbhuíoch don choiste as an gcuireadh seo. Teach foilsitheoireachta é Leabhar Breac atá i mbun gnó le seacht mbliana is fiche. Foilsímid réimse leathan leabhar do pháistí agus do dhaoine fásta. Cosúil le gnó ar bith eile, is de réir a chéile a tógadh Leabhar Breac. Go dtí seo, tá beagnach 200 teideal foilsithe againn. Tá duine amháin fostaithe go buan ag an gcomhlacht, agus gan scríbhneoirí a chur san áireamh, tá seachtar ag obair ar chonradh againn. Anuas air sin, is in Éirinn, i nGaeltacht Chonamara, a chuirimid ár gcuid leabhar i gcló, agus tá muid bródúil go bhfuil fostaíocht á cur ar fáil againn do chlódóirí ar leac an dorais againn féin.

Le deich mbliana anuas, tá ardú leanúnach ag teacht ar dhíolacháin Leabhar Breac. Creidim go bhfuil an t-ardú sin buan go maith. Agus ní linn féin amháin a bhaineann sé sin, is ardú ar dhíolachán leabhar Gaeilge trí chéile é. Cuid den ardú díolacháin sin, baineann sé leis an scagadh nádúrtha a dhéanann teach foilsitheoireachta. Foilsíonn tú leabhair, agus iad siúd is fearr, cuireann tú i gcló arís iad. Na leabhair is lú a dhíolann, ligeann tú dóibh dul as cló agus ansin foilsíonn tú leabhair nua. De réir a chéile, éiríonn leat catalóg láidir saothar a bhailiú. Agus ar an liosta sin, in imeacht na mblianta, beidh leabhair láidre agat a mbeidh díol leanúnach i gcónaí orthu.

An chuid eile den ardú sa díolachán, baineann sé le hardú i líon na léitheoirí. Cé go leagtar béim mhór ar an ngéarchéim léitheoireachta sna scoileanna, agus tá sin le feiceáil againn féin sna scoileanna iar-bhunoideachais ach go háirithe, is beag a chloistear faoin méadú atá tagtha ar líon na ngnáthléitheoir. Maidir le figiúirí ginearálta a bhaineann leis an méadú sin, i ráiteas sa bhliain 2020, bhí an méid a leanas le rá ag Foras na Gaeilge faoi dhíolachán ÁIS; is é ÁIS an príomhdháileoir leabhar Gaeilge. Maíodh:

Ó... 2014 tá fás leanúnach tagtha ar dhíolachán iomlán Áis agus, taobh istigh de sin, fás leanúnach ar dhíolacháin leabhar ginearálta (go simplí, sin leabhair ghinearálta léitheoireachta nach téacsleabhair iad). Thar thréimhse na scéime seo, ag úsáid dhíolachán 2013 mar bhonnlíne, tá fás 7.9% tagtha ar luach dhíolachán iomlán ÁIS ... Thar an tréimhse... 2013 go 2019... tháinig ardú 40.3% ar dhíolachán leabhar ginearálta.

Is dea-scéal é sin gan dabht ach ní mar sin a bhí i gcónaí, agus leis an scéal a chur i gcomhthéacs, caithimis súil a chaitheamh siar. Nuair a chuir mise suim sna leabhair ar dtús, sna 1980dí, bhí cúrsaí leabhar go hainnis. Bhí droch-chuma amach is amach ar leabhair Ghaeilge agus bhí rith cló agus díol an-íseal orthu. A bhuíochas do chúpla teach nua foilsitheoireachta a bunaíodh i ndeireadh an chéid seo caite, cuireadh slacht agus caighdeán ar na leabhair, agus dá thoradh sin, ardaíodh an rith cló, agus ardaíodh an díolachán. Is ag an staid sin a táimid faoi láthair; gach teach foilsitheoireachta ag iarraidh cur leis na pobail léitheoireachta éagsúla atá cruthaithe acu féin. An léitheoir nua a thiocfadh ar an bhfód i mbliana, bheadh rogha mór leabhar ar fáil dó. Agus, dá bharr sin, níl cúis ar bith nach leanfadh sé air ag léamh i nGaeilge. Ní raibh sé sin fíor tríocha bliain ó shin.

An rud eile a chabhraigh go mór le fás sa díolachán, sin é an t-Idirlíon. Tríd an Idirlíon, ar na meáin shóisialta, tá leabhair Ghaeilge á bplé go coitianta ag léitheoirí ar bhealach nár tharla riamh roimhe seo. Tá deis iontach anois againn leabhair nua agus seanleabhair a chur faoi bhráid an phobail léitheoireachta, is cuma cá bhfuil siad. Agus a bhuíochas don Idirlíon freisin, tá suíomhanna Idirlín agus siopaí ar-líne ag na foilsitheoirí, agus tá sé ar chumas léitheoirí, cuma cén aird den domhan ina bhfuil siad, leabhair a ordú uainn. Seolaimid amach ar an bpost chucu iad, cuma más i Meiriceá atá siad, sa Fhrainc, nó i mbaile beag Éireannach atá ar uireasa siopa maith leabhar. I bhfocal eile, tá ceannaitheoirí anois againn in áiteanna nach raibh leabhair Ghaeilge ar fáil in aon siopa leabhar riamh roimhe seo. Tá deis níos mó ag léitheoirí Gaeilge ar fud an domhain teacht ar réimse níos mó agus níos leithne leabhar ná in am ar bith roimhe seo. Agus céim ar chéim, le hardú líon agus réimse na leabhar, tá ardú tagtha ar líon na léitheoirí, agus ní beag sin.

Dea-scéal é sin ach leis an fhírinne a rá, tá deacrachtaí freisin ann. Le tuiscint a fháil ar na deacrachtaí sin, ní mór tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn teach foilsitheoireachta. Gach bliain, foilsímid réimse nua leabhar agus bímid ag súil go mbeidh an-díol orthu. An bhliain ina dhiaidh sin, foilsíonn muid réimse eile leabhar agus bíonn muid á ndíol, agus bímid ag díol na leabhar a foilsíodh an bhliain roimhe sin. An bhliain ina dhiaidh sin arís, foilsíonn muid réimse eile leabhar. Bímid á ndíol sin, agus na leabhair a foilsíodh an bhliain roimhe sin, chomh maith leis na leabhair a d'fhoilsigh muid an bhliain roimhe sin arís. Mar a thuigeann an coiste, tá an stór leabhar ag méadú agus an t-ualach riaracháin ag éirí níos troime. An rud ar féidir a dhéanamh mar thionscal beag cois teallaigh sa bhaile agus gan agat ach 40 leabhar, ní féidir a dhéanamh nuair atá breis is 100 nó 200 leabhar agat. Is gnó ansin é.

Inár gcás féin, tá muid ag foilsiú le 30 bliain. I mbliana, beidh muid ag iarraidh leabhair nua na bliana seo a dhíol, chomh maith leis na leabhair a d'fhoilsigh muid le 30 bliain anuas. Le leanúint den tseirbhís sin, tá costais bhreise orainn nach raibh orainn nuair a thosaíomar amach sa ghnó seo. Tá ualach trom riaracháin orainn agus táimid ceal ar spás oifige agus spás stórais. Cosúil le tithe foilsitheoireachta eile, táimid tagtha ag staid an-leochaileach mar chomhlacht. Tá an obair atá againn rómhór don chomhlacht mar atá agus tá gá leis an gcomhlacht a mhéadú leis an ualach sin a iompar go fadtréimhseach agus forbairt a dhéanamh. Is ionann sin le rá go dteastaíonn oifig nua, spás stórais agus foireann. Tá pleananna againn chun an méid sin a bhaint amach agus tá méid áirithe den obair sin tosaithe ach tá cúnamh uainn. In áit ardú sa mhaoiniú, tá an maoiniú do leabhair Ghaeilge tite ar chúl le blianta beaga anuas. Mar a luaigh Deirdre Ní Thuathail níos luaithe, in áit an €1.8 milliún a bhí ann in 2008, níl ann ach €1 milliún anois.

Ceist í seo a bhaineann le leanúnachas san earnáil agus leis an bhfoilsitheoireacht a thabhairt glúin eile chun cinn. Is mian linn ar fad tithe foilsitheoireachta maithe láidre a thógáil a mbeidh suim ag daoine eile a thógáil ar láimh inár ndiaidh, bídís sin ina mbaill teaghlaigh, ina bhfostaithe, nó ina ndaoine ar spéis leo ár ngnó a thógáil ar láimh. Ní cóir go mbeadh ar an gcéad ghlúin eile an roth a chruthú as an nua. Cur amú airgid poiblí a bheadh ansin agus cur amú uafásach tallainne agus fuinnimh. Lena chinntiú nach mar sin a tharlóidh, tá dhá rud le déanamh ag an Stát: acmhainní breise a chur ar fáil do na foilsitheoirí, agus acmhainní breise a chur ar fáil don dáileoir Áis, ós rud é gur é a chuireann ár leabhair sna siopaí. Tá gá le hinfheistiú in Áis chun an teicneolaíocht a thabhairt chun dáta agus chun an t-infreastruchtúr díolacháin a neartú. Ach na hacmhainní cuí a fháil ón Rialtas, tabharfaimid an obair seo céim eile chun cinn.

Mar aguisín beag leis an méid atá ráite agam, ní miste cúpla rud a rá faoi na pointí éagsúla a ardaíodh ag na cruinnithe coiste go dtí seo. Ónár saineolas, tar éis breis is 30 bliain i mbun foilsitheoireachta, tuigimid céard is fearr a oibríonn. Tá ríomhleabhair déanta againn féin, agus leis an fhírinne a rá, ní raibh díol maith orthu. Coinneoimid súil ar an margadh sin agus má cheapaimid go mbeidh athrú ar an scéal sin, déanfaimid ríomhleabhair nua. Ní fál go haer é. Níl sé deacair ríomhleabhair a dhéanamh. Dá mbeadh éileamh orthu, bheadh muid in ann réimse mór leabhar a chur ar fáil go héasca taobh istigh de chúpla seachtain. Ní bhfuair muid oiread is glaoch, ríomhphost ná téacs ó na hurlabhraithe as na leabharlanna a dúirt gur dúshlán dóibh a bhí san easpa ríomhleabhar Gaeilge. Ní dheachaigh leabharlann ar bith i dteagmháil linne riamh ag iarraidh orainn ríomhleabhar a chur ar fáil. Dá dtiocfadh, bheadh muid breá sásta a bhfuil de leabhair againn a chur ar fáil ar BorrowBox nó ar chóras ar bith eile a d'iarrfaidís.

Agus mé ag trácht ar na leabharlanna, ní dóigh liom go bhfuil sé sásúil go mbeadh cóip amháin de chuile theideal ag an tseirbhís leabharlainne i mBaile Átha Cliath agus go gcaithfeadh an léitheoir fios a chur ar leabhar Gaeilge go speisialta. Lena ról a chur i gcrích mar fhoras cultúrtha - mar a thugann siad orthu féin, agus an ceart acu - ba chóir go mbeadh rogha mhaith leabhar Gaeilge ar an tseilf i ngach leabharlann sa tír. Ní leor ríomhleabhair. Is gá go mbeadh na leabhair sin feiceálach ar an tseilf.

Maidir le leabhair do dhéagóirí, a luadh cúpla uair, le 30 bliain anuas tá leabhair á gcur ar fáil do dhéagóirí againne, cé nach na leabhair is mó a dhíoltar iad. Go deimhin, ní bheadh sa soláthar a dhéanfadh muidne ach, i gcead don chomhluadar, mún dreoilín san fharraige. Leis na hacmhainní atá againne agus ag Foras na Gaeilge, níl sé ar ár gcumas freastal go sásúil ar dhéagóirí. Leis an mbearna sin a líonadh, nó le tabhairt ar dhéagóirí leabhair a léamh, sílim go dtógfadh sé i bhfad níos mó ná an buiséad iomlán a chaitheann an Stát ar leabhair Ghaeilge anois.

Mar bhuille scoir, ba mhaith liom an tábhacht atá leis an nuachtán agus na hirisí Gaeilge a lua, agus béim a leagan ar a dtábhacht dúinne, ní hamháin mar fhoinse léirmheasa, ach mar áis riachtanach do léitheoirí. Chomh maith leis an ngá atá le maoiniú breise do na foilsitheoirí agus d’Áis, sílim go bhfuil géarghá le maoiniú breise do Tuairisc.ie agus do na hirisí Gaeilge trí chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.