Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Deirdre N? Thuathail:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dúinn theacht os a chomhair inniu. Táimid buíoch de na comhaltaí as an tsuim atá léirithe acu san ábhar seo. Tá Cló Iar-Chonnacht, CIC, ar an bhfód ón mbliain 1985. Tá muid lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta sa Spidéal i gConamara. Tá oifigí an chomhlachta ansin chomh maith le siopa leabhar. Is ann a bhíonn an gnó siopa Idirlín againn freisin. Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha sa chomhlacht: mé féin mar bhainisteoir, agus rud ar bith eile atá le déanamh; eagarthóir; feidhmeannach margaíochta agus poiblíochta; agus beirt a bhíonn ag plé le díolachán agus próiseáil ordaithe.

Timpeall 15 teideal in aghaidh na bliana a fhoilsíonn muid go hiondúil, chomh maith le hathchlónna ónár gcúl-liostaí. Fágann sin go bhfuil muid ar cheann de na comhlachtaí is mó foilsitheoireachta Gaeilge, idir líon na ndaoine atá fostaithe agus an méid leabhar atá idir lámha againn. Foilsíonn CIC réimse leathan leabhar Gaeilge, úrscéalta agus gearrscéalta, filíocht, leabhair amhráin, leabhair do pháistí agus do dhéagóirí, dírbheathaisnéisí agus cuimhní cinn, leabhair thaighde agus leabhair staire agus spóirt. Díolann muid cearta foilseacháin agus aistriúcháin mór-shaothar Gaeilge le foilsitheoirí thar lear. Tá Cré na Cille, mar shampla, foilsithe i dtimpeall 15 teanga ar fud an domhain. Le blianta beaga anuas tá roinnt foilsitheoirí eile a d’éirigh as trádáil, mar an Clóchomhar in 2008, Sáirséal Ó Marcaigh in 2009 agus Cois Life in 2020, tógtha ar láimh againn. Fágann sé sin go bhfuil go leor de shaothar phríomh-scríbhneoirí na nua-Ghaeilge faoinár gcúram, mar Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Liam Ó Flaithearta, Máirtín Ó Direáin, Sean-Phádraic Ó Conaire, Máire Mhac an tSaoi agus go leor eile, chomh maith le leabhair a bhfuil aithne mhór orthu, ar nós Séadna, Ó Pheann an Phiarsaigh, Rotha Mór an tSaoil, Cas Amhránagus mar sin de.

Ó tharla gur sa nGaeltacht atá muid lonnaithe agus gurb iad muintir na Gaeltachta an príomh-mhargadh atá againn, leagann muid béim faoi leith ar ábhar Gaeltachta, idir fhicsean agus neamhfhicsean, agus déanann muid cúram ar leith de scríbhneoirí Gaeltachta leithéidí Joe Steve Ó Neachtain - go ndéana Dia grásta air - Pádraig Standún, Jackie Mac Donncha, Áine Uí Fhoghlú, Ógie Ó Ceilleachair agus go leor eile nach iad. Ní scríbhneoirí na Gaeltachta amháin a bhíonn muid ag plé leo, mar is léir ó shaothar le scríbhneoirí cathrach ar nós Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, Dave Duggan, Gearóid Mac Lochlainn agus go leor eile.

Maidir leis an struchtúr maoinithe atá againn, is í scéim foilsitheoireachta agus clár na leabhar Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge agus an scéim um maoiniú straitéiseach ón gComhairle Ealaíon na príomhfhoinsí maoinithe atá againn, chomh maith le scéim maoinithe d'áiseanna teagaisc a bhíonn ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tacaíonn na deontais sin le clár leathan foilsitheoireachta a chur ar bun ach bíonn muid ag brath go mór freisin ar an ioncam ón díolachán le gur féidir íoc as na costais reatha. D’oscail muid siopa leabhar ar an Spidéal nuair a bhog muid ansin ceithre bliana ó shin le go mbeadh fáil níos fearr ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar leabhair Ghaeilge. Díoltar leabhair le chuile fhoilsitheoir sa siopa sin seachas leabhair de chuid Chló Iar-Chonnacht amháin agus táimid ag díol ar an Idirlíon le blianta fada. Tá custaiméirí againn ar fud an domhain agus tá réimse leathan leabhar agus acmhainní d’fhoghlaimeoirí ar fáil ar ár suíomh, cic.ie.

Céard iad na dúshláin atá romhainn? Is é an chéad dúshlán ná maoiniú. Bhí buiséad €1.8 milliún ag clár na leabhar Gaeilge in 2008 ach tá titim 48% tagtha ar an mbuiséad sin in ainneoin go bhfuil ardú as cuimse tagtha ar chúrsaí boilscithe. Ní áiríonn muid an t-ardú atá tagtha ar chostas páipéar amháin le dhá bhliain anuas. Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge le gairid go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar scéim na foilsitheoireachta. Fáiltímid roimh aon athbhreithniú ach, ón méid atá tagtha chun solais tar éis sraith chruinnithe idir an foras agus na foilsitheoirí le gairid, cuireann sé an-imní go deo orainn gurb é an t-aon phlean amháin atá ag an bhforas faoi láthair ná maoiniú a bhaint d’fhoilsitheoir amháin le tabhairt d’fhoilsitheoir eile.

Is dúshlán eile í ceist na comharbachta agus inmharthanacht fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Is earnáil an-bheag í earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus, mar atá luaite cheana, is ceann de na foilsitheoirí is mó atá ann é Cló Iar-Chonnacht ó thaobh líon teideal agus daoine atá fostaithe againn. Is taobh le duine amháin nó le hoibrithe páirtaimseartha nó ócáideacha atá formhór na bhfoilsitheoirí eile. Bhí bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, Micheál Ó Conghaile, in ann éirí as an bhfoilsitheoireacht le gairid mar go raibh fostaithe ann a bhí in ann teacht i gcomharbas air agus a chinntiú go leanfadh an gnó ar aghaidh. Níl sin amhlaidh le go leor de na foilsitheoirí beaga. Bhí fianaise de sin le feiceáil nuair a d’éirigh stiúrthóirí Chois Life as dhá bhliain ó shin agus stiúrthóirí an Chlóchomhar agus Sáirséal Ó Marcaigh roimhe sin agus tá roinnt foilsitheoirí eile imithe ó shin freisin.Má leanann Foras na Gaeilge den phlean atá aige, gur plean é maoiniú Chló Iar-Chonnacht a ghearradh chun é a bhronnadh ar fhoilsitheoir éigin eile, de réir mar a thuigimid, tá sé ag cinntiú go rachaidh Cló Iar-Chonnacht, luath nó mall, an bóthar céanna agus go mbeidh foilsitheoir Gaeilge eile imithe againn.

Is dúshlán eile é cúrsaí dáileacháin. Is é ÁIS, comhlacht de chuid Fhoras na Gaeilge, a dháileann formhór na leabhar Gaeilge ar na siopaí. In ainneoin go bhfuil díolachán ar fiú suas €1 milliún i gceist, níl ach duine amháin ar an mbóthar ag imeacht ó cheann ceann na tíre agus ag freastal ar na siopaí ar fad. Má tá an duine sin i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, b'fhéidir nach mbeidh sí ar ais arís i mBaile Átha Cliath go ceann trí mhí nó níos faide. Tá an t-infreastruchtúr teicneolaíochta atá ag ÁIS go hiomlán as dáta. Níl aon suíomh Idirlín aige. Má dhéantar cuardach ar an bhfocal "ÁIS" ar Google - agus níl a fhios ag siopaí céard is ciall leis an bhfocal "ÁIS" - ní thagann dáilitheoirí leabhar nó book distributors aníos. Ní féidir leis na siopaí seiceáil an bhfuil leabhar ar fáil ná fiú cá bhfuil siad ar fáil. Má tá leabhar a bhfuil éileamh air a bhfuil siopaí ag iarraidh athordú a dhéanamh air, níl siad in ann é sin a dhéanamh, nó ní dhéanann siad é, go dtí go bhfeicfidh siad an t-ionadaí sin arís, b'fhéidir faoi cheann míosa, dhá mhí nó trí mhí. Cuir é seo i gcomparáid leis an gcóras teicneolaíochta atá in úsáid ag leithéidí Gill Distribution agus na himdháileoirí eile. Tá leithéidí Bookstream nó a mhacasamhail á n-úsáid acu, rud a chuireann ar chumas foilsitheoirí cuardach a dhéanamh ar chuile theideal atá ar fáil ó Gill de réir critéir éagsúla, mar shampla, teideal, údar, ISBN, seánra nó foilsitheoir. Tá foilsitheoirí in ann monatóireacht a dhéanamh ar an díolachán agus is féidir feiceáil go díreach an bhfuil leabhair i stoc i siopa nó cé mhéad cóip atá ann agus, má tá leabhar díolta amach, tá an foilsitheoir in ann dul i dteagmháil leis an siopa agus éileamh a chruthú nó eolas margaíochta a chur aige. Níl tada mar seo i gcás. Níl aon infheistíocht déanta in infreastruchtúr ÁIS le blianta fada. Níl sé suas chun dáta i ré na teicneolaíochta.

Táthar ag cur teicneolaíocht na ríomhleabhar in airde mar leigheas ar an gceist seo agus bhí suntas ar leith don mhéid a bhí le rá ag stiúrthóir chathair litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath a tháinig os comhair an choiste seo le deireanas. Ní fíor a rá go bhfuil drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge a n-ábhar a chur ar fáil go digiteach. Go deimhin, bhí cuid de na foilsitheoirí Gaeilge ceannródaíoch go maith san earnáil seo. Tá breis agus 200 teideal, idir leabhair Chló Iar-Chonnacht agus leabhair Chois Life, ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair. Tá siad sin á ndáileadh trí na comhlachtaí Vearsa agus Gardiners a dháileann ar aghaidh iad tríd mórimdháileoirí ar nós Amazon, Kobo, Apple, Ebrary agus go leor eile. Tá córas eile ann a úsáideann cuid de na leabharlanna, leabharlanna na hollscoileanna ina measc, a dtugtar Ebook Central air. Is comhlacht Sasanach ar a dtugtar ProQuest a sholáthraíonn ríomhleabhair Ghaeilge don chóras sin. Chaith muid míonna ag dul i dteagmháil le ProQuest agus ag dul anonn agus anall ag iarraidh air na leabhair a chur ar fáil le go bhféadfadh na leabharlanna na leabhair seo a ordú ach níor léir dó go raibh éileamh ann agus, mar sin, bhí sé ag tarraingt na gcos agus níor chuir sé na leabhair sin ar an gcóras. Cé gur impigh muid ar leabharlann na hollscoile dul i dteagmháil leis agus a rá le leabharlanna in ollscoileanna eile déanamh amhlaidh chun a chruthú go raibh éileamh ann, ní léir dúinn gur tharla é sin. As an 200 teideal digiteach atá ag Cló Iar-Chonnacht faoi láthair, tháinig 1% den teacht isteach ó dhíolachán ríomhleabhar. Ciallaíonn sé sin go dtagann 99% den teacht isteach ó dhíolachán fíorleabhar, is é sin, leabhair a dhíoltar sna siopaí. D’íoc Cló Iar-Chonnacht breis agus €40,000 dleachta le scríbhneoirí Gaeilge in 2021. Tháinig níos lú ná 1.5% de sin ó dhíolachán ríomhleabhar. Ní chuirfidh sé sin snáithe faoin bhfiacail ag an bhfoilsitheoir ná ag an scríbhneoir.

Cén margadh atá againn agus cé atá ag léamh? Tá na foilsitheoirí Gaeilge éagsúla ag freastal ar mharghaí éagsúla. Tá a shainréimse spéise féin ag chuile fhoilsitheoir. Tá freastal ar phobal na Gaeltachta ar cheann de na tosaíochtaí atá ag Cló Iar-Chonnacht. Tá tuairim choitianta ann nach léann muintir na Gaeltachta leabhair Ghaeilge. Is é ár dtaithí féin go léann agus go gceannaíonn siad leabhair a bhaineann lena gceantar féin agus lena gcultúr féin. Tá leabhair a bhí dírithe ar mhuintir na Gaeltachta ar chuid de na leabhair is mó agus is sciobtha díol a bhí ag Cló Iar-Chonnacht riamh. Ina measc sin tá leithéidí Rocky Ros Muc, Amhráin Tom a’ tSeoighe, Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín, An Cheathrú Rua agus na hOileáin: Pobal sa Naoú hAois Déag agus go leor eile nach iad. Taobh amuigh de phobal na Gaeltachta, tá an margadh do leabhair Ghaeilge scaipthe idir ghrúpaí éagsúla. Tá scoileanna, institiúidí acadúla, foghlaimeoirí Gaeilge, ciorcail léitheoireachta, cumainn Ghaeilge, líonraí éagsúla agus léitheoirí aonair ar fud an domhain i gceist agam. Tá cúpla sraith do dhaoine óga le scríbhneoirí aitheanta ar nós Enid Blyton agus Francesca Simon aistrithe go Gaeilge againn le tacaíocht ó COGG, mar shampla: An Cúigear Cróga, is é sinThe Famous Five;An Seachtar Stuama, is é sin The Secret Seven; Dónall Dána, is é sin Horrid Henry ; agusgo leor eile. Tá an-éileamh ó na daoine óga ar na sraitheanna sin agus, chomh maith leis sin, úsáidtear iad sna scoileanna. Aithníonn na daoine óga na carachtair cheana féin agus tá siad níos báúla le hiad a léamh. Cabhraíonn sé go mór go gcuirtear béim ar theanga shaibhir nádúrtha sna haistriúcháin seachas a bheith ag cloí le diancheangail an chaighdeáin oifigiúil.

Is dúshlán eile é margaíocht agus poiblíocht. Tá constaicí go leor ag cur bac ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge a leabhair a chur i lár an aonaigh. Mar atá luaite cheana, tá cúrsaí dáileacháin i gceist ar an gcéad dul síos ach, sa mhullach air sin, tá an easpa tráchta agus easpa léirmheastóireachta, sna meáin Bhéarla go háirithe. Cén uair dheireanach a bhí léirmheas ar leabhar Gaeilge in The Irish Times? Cén uair a chonacthas scríbhneoir Gaeilge ar "The Late Late Show" nó ar "The Today Show", atá á chur i láthair ag beirt chainteoirí dúchais dála an scéil, nó ag caint le Ryan Tubridy ar a chlár raidió faoi chúrsaí leabhar? Bíonn imeachtaí Gaeilge fágtha in áit na leathphingine ag féilte liteartha agus ócáidí eile dá shórt. Is cuid Pháidín den mheacan a bhíonn ar siúl ag féilte áirithe le maoiniú a fháil ó leithéidí Fhoras na Gaeilge nó ón gComhairle Ealaíon le rud éigin Gaeilge a bheith mar chuid de chlár na féile. Is minic go mbíonn an t-imeacht Gaeilge sin ar siúl ag an am is measa den lá agus nach ndéantar aon phoiblíocht air mar chuid de chlár iomlán na féile. Ón taithí atá againn a bheith ag plé lena leithéidí, fágtar faoin bhfoilsitheoir nó faoin scríbhneoir a gcuid poiblíochta féin a dhéanamh ar bheagán tacaíochta ó lucht eagraithe na féile. Tá sé thar am ag na deontóirí coinníollacha níos daingne a chur leis an maoiniú a chuirtear ar fáil d’fhéilte agus d’imeachtaí den chineál seo le go gcinnteofaí go mbeadh imeachtaí Gaeilge mar chuid lárnach den fhéile, go mbeadh na himeachtaí tarraingteach agus go ndéanfaí poiblíocht agus margaíocht orthu le lucht féachana agus éisteachta a mhealladh. Tá an feachtas margaíochta Love Leabhar Gaeilge gníomhach ag cur leabhair Ghaeilge chun cinn, go háirithe ar na meáin shóisialta.

Tá ardú tagtha ar na díolacháin ó thosaigh an feachtas sin agus tá ag éirí leis dul i gcion ar an bpobal agus margaí nua a aimsiú. Tá an feachtas reatha ag teacht chun críche ag deireadh na bliana seo agus tá sé ríthábhachtach go gcuirfear maoiniú ar fáil ionas go leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh tréimhse eile.

Leagfaidh mé amach na príomhaidhmeanna atá againn agus déanfaidh mé achoimre. An phríomhaidhm ná leabhair tharraingteacha a fhoilsiú a fhreastalaíonn ar an margadh. Muna ndéanfar forbairt agus cothú ceart ar na scríbhneoirí, ní bheidh ábhar eile le foilsiú. Tá scéim na gcoimisiún ag Foras na Gaeilge agus tá sé seo thar a bheith tábhachtach do na foilsitheoirí mar go dtugann sé deis don fhoilsitheoir coimisiún a dhéanamh ar shaothar a dhéanann freastal ar mhargadh faoi leith, dar leo, nó freastal ar bhearna atá sa mhargadh. Bíonn an foilsitheoir in ann luach saothair a thairiscint don scríbhneoir le cur ar a gcumas tabhairt faoi shaothar nua a scríobh. Is í an fhadhb ná níl aon rialtacht ag baint leis an scéim seo; ní raibh aon scéim ann ó 2019 de bharr easpa maoinithe agus tá sé ráite nach bhfógrófar an scéim arís i mbliana. Fadhb eile leis ná gurb é an foras a shocraíonn cé a gheobhaidh coimisiún seachas an foilsitheoir; an té a bhfuil eolas aige ar an margadh agus ar na cineálacha leabhar atá á n-éileamh.

Caithimid litríocht na Gaeilge a dhéanamh níos lárnaí agus níos feiceálaí. Ba cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag na leabharlanna anseo agus go mbeadh leabhair Ghaeilge ar fáil i ngach leabharlann ar fud na tíre. Ní leor cóip amháin de leabhar Gaeilge a bheith á roinnt idir cúig nó sé leabharlanna mar atá faoi láthair. Ba chóir go mbeadh sé d’iachall ar gach leabharlann sa tír ar a laghad cóip amháin de leabhar Gaeilge a cheannach agus go mbeadh ceann i ngach leabharlann, go háirithe sna leabharlanna sin atá ag freastail ar nó lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. Caithfidh an Ghaeilge a bheith níos lárnaí agus níos feiceálaí ag féilte agus ag imeachtaí a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus níor cheart go nglacfaí le cuid Pháidín den mheacan, mar a bhíonn ar siúl ag a bhformhór.

Teastaíonn poiblíocht, poiblíocht agus poiblíocht. Chuir an tOllamh Alan Titley béim faoi leith ar phoiblíocht nuair a tháinig sé os comhair na coiste seo le gairid. Tacaíonn muid go hiomlán leis an méid a dúirt sé; is é sin ceannaítear, díoltar agus léitear leabhair mar go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil siad ann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí 5% den chaiteachas ar fhógraíocht a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge. Ba cheart go gcuirfí coinníoll leis an bhfógraíocht sin agus go ndéanfaí cinnte de go mbeadh clúdach ceart á fháil sna meáin Bhéarla d’imeachtaí Gaeilge, léirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge ina measc, seachas an neamhaird iomlán atá á thabhairt air sin faoi láthair. Caithfear a thaispeáint do na siopaí leabhar go bhfuil margadh ann do na leabhair Ghaeilge le go dtabharfar áit fheiceálach dóibh sa siopa seachas na leabhair a bheith caite ar an tseilf íochtair in áit éigin ag cúl an tsiopa, gan ord ná eagar orthu, mar atá in go leor siopaí faoi láthair. Chuige sin tá infheistíocht ag teastáil sa gcóras dáileacháin atá ag ÁIS, atá go mór as dáta do shaol digiteach an lae inniu, agus nach bhfuil oiriúnach don aidhm níos mó.

Teastaíonn pleanáil don todhchaí. Níl aon duine ag déanamh saibhreas as a bheith ag scríobh ná ag foilsiú i nGaeilge; tá seirbhís poiblí á chur ar fáil againn agus tá fostaíocht á cruthú againn i gceantar Gaeltachta. Ní féidir leis an bhfoilsitheoireacht ná leis an scríbhneoireacht bláthú mura bhfuil maoiniú ceart ar fáil. Tá muid ag impí ar an gcoiste seo moladh a dhéanamh go dtabharfar ar ais maoiniú chlár na leabhar Gaeilge go dtí an leibhéal a bhí ann in 2008, ar a laghad, nó tá an baol ann go rachaidh tuilleadh foilsitheoirí sa treo ceanna a ndeachaigh an Clóchomhar, Sáirséal Ó Marcaigh, Cois Life agus foilsitheoirí eile. Is é an t-aon phlean athbhreithnithe atá ag Foras na Gaeilge ná airgead a bhaint ó fhoilsitheoir amháin le tabhairt d’fhoilsitheoir eile. Teastaíonn infheistíocht a dhéanamh, seachas síorchiorruithe ar an earnáil. Ní fhoghlaimeofar ceird na foilsitheoireachta in aon ollscoil; tá taithí na mblianta ag duine ar bith atá ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair. Tá muid ag impí ar an gcoiste aire a thabhairt dóibh nó ní bheidh siad ann i bhfad eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.