Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Orla McMorrow:

Maidir leis an gceist faoin nGaeltacht, sheol an chomhairle chathrach aon duine a d'ardaigh suim sa Ghaeilge go dtí an Ghaeltacht nuair a bhí an córas sin ar fáil ón státseirbhís. Déanaim dearmad ar an ainm a bhíodh air ach bhí córas ann chun daoine a thabhairt chuig an nGaeltacht. Le ceithre bliana anuas, bheartaigh an chomhairle scoláireachtaí a chur ar fáil do bhaill foirne agus bhí trí nó ceithre cinn á gcur ar fáil chuile bhliain. Bhí na scoláireachtaí sin ar fáil dóibh siúd a léirigh suim sa Ghaeilge, a raibh cúrsaí traenála déanta acu agus a bhí sásta an Ghaeilge a úsáid agus bhí siad in airde ar an líonra teileafóin inmheánach. Tugadh deis do na daoine sin scoláireacht a bhaint amach agus an-scoláireacht go deo a bhí ann ach ansin tháinig an phaindéim agus d'éirigh le beirt acu ar scoláireachtaí agus ó shin i leith níor tháinig níos mó agus ní fhéadfaimis iad a chur chuig an nGaeltacht. Níl na ranganna curtha ar fáil go fóill agus níl na scoláireachtaí curtha ar fáil go fóill go dtí seo ach bheinn ag súil, ní i mbliana ach faoin mbliain seo chugainn, go mbeadh an córas sin ar bun arís.

Ó thaobh na ranganna de, is iad na leabharlanna a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail; ní muid féin atá ag obair thuas in oifigí na comhairle chathrach. Tá obair stuama déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn ach ba bhreá liom go mbeadh níos déanta ó thaobh Gaeilge líofa a bheith ar fáil. Luaigh chuile dhuine anseo an cheist faoi éileamh agus luaigh na cailíní ó Ghaillimh an cheist seo freisin. Ceapann daoine go bhfuil sé deas a rá go bhfuil Gaeilge acu, ach is rud difriúil é an Ghaeilge a léamh agus an Ghaeilge a labhairt. Luaigh na finnéithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe go mbeadh Gaeilge Chonamara ag daoine agus go bhfuil seans nach mbeadh siad ag iarraidh leabhair ó chanúintí eile a léamh. Tá sé beagáinín difriúil i mBaile Átha Cliath mar tá daoine ag foghlaim Gaeilge anseo agus tá múinteoirí ó gach cearn den tír acu. Téimid i dtaithí ar na canúintí éagsúla mar sin agus níl an deacracht céanna i gceist ó thaobh cad as do na leabhair. An bhfuil an t-éileamh sin ann i measc an phobail chun leabhair scríofa i nGaeilge a léamh? Tá an t-éileamh i bhfad Éireann níos lú. Ó na daoine a deir go bhfuil Gaeilge acu, is céatadán an-bheag é atá sásta í a léamh mar níl an cumas acu sa léitheoireacht. Sin an dúshlán a luadh. Ní leabharlannaí mé agus nílim ag labhairt thar cheann na leabharlainne ach mar oifigeach forbartha Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, feictear dom gur an obair is fearr a d'fhéadfadh na leabharlanna a chur ar fáil fud na tíre ná cluichí agus scéalaíocht os ard a chur ar fáil don dream óg nó dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge, ionas go dtéann siad isteach air agus b'fhéidir go mbeidh níos mó misnigh acu chun tabhairt faoin léitheoireacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.