Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo. Tá siad go léir tar éis spreagadh nua agus inspioráid a thabhairt do na Teachtaí agus do na Seanadóirí ar an gcoiste seo chun ár obair sa choiste a leanúint. Cainteoirí spreagúla atá ann agus bhí cáithníní ar mo chraiceann nuair a bhí mé ag éisteacht le Kayleigh Cúipéir agus a óráid inspioráideach. Mar a dúirt cuid de na finnéithe eile, tá géarchéim teangeolaíochta sa Ghaeltacht agus leis an teanga agus is dócha go bhfuil cur chuige frith-Ghaelach fós le braith go forleathan sa státseirbhís. Mar a dúirt an Teachta Connolly, bhí obair na gcapall déanta ag an gcoiste agus leis an gCathaoirleach le Conradh na Gaeilge agus leis na dreamanna eile chun an Ghaolainn a neartú agus a chaomhnú. Tá a lán oibre déanta againne. Tá forálacha sa Bhille chun iachall a chur ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht trí Ghaeilge, ainmneacha agus seoltaí an duine, le síntí fada oraibh, a úsáid i gceart agus foirmeacha a sholáthar i nGaeilge ach tá a lán oibre le déanamh againne.

Feicimid na logainmneacha fud na tíre nach bhfuil ar na comharthaí sráide níos mó. Sna Sé Contae níl aon Ghaolainn ar na comharthaí. Bhí mé ar an Lorgain le linn na toghcháin agus chonaic mé Sráid Uladh ann ach i cuid de na cathracha agus bailte eile níl sé sin ar fáil. Feicim sna 26 Contae go bhfuil bailte ar nós Coillte agus Quilty an t-ainm atá air. Freisin tá Snámh in iarthar Chorcaí agus Snave mar an leagan Béarla. I gContae na Mí tá an baile Nobber ach is é An Obair an t-ainm ceart ar an mbaile sin. Ba mhór dúinn na téarmacha agus na logainmneacha Gaeilge a chur chun tosaigh agus na translations a chur ina dhiaidh sin.

Bhí mé ag éisteacht leis na fadhbanna a d'aithin Katie Ní Shúilleabháin agus tá an fadhb céanna i gCiarraí le gardaí gan Ghaolainn. Tá sé íoróineach go bhfuil an Garda ag briseadh an dlí nuair nach bhfuil Gaeilge ag na gardaí atá ag obair sa Ghaeltacht. Bhí Sorcha Ní Dhonnchú ag caint mar gheall ar T1 agus T2 san ardteistiméireacht agus aontaím léi. Ba chóir nach mbeadh pionós oraibh go léir atá ag déanamh na hardteistiméireachta toisc caighdeán níos airde a bheith agaibh sa Ghaolainn. Ba chóir dúinn an caighdeán a ardú ach é a ardú do gach éinne. Níor chóir dúinn an obair bhreise a chur ar ghrúpa amháin, na daltaí atá sna Gaeltachtaí nó sna Gaelcholáistí. Níl a fhios agam cad atá an Roinn Oideachais ag déanamh. An bhfuil sé ag iarraidh an Ghaolainn a mharú nó nach bhfuil? B'fhéidir go mbeadh ábhair bhreise nó níos mó pointí ag baint leis an nGaeilge T1 ach chífimid cad a thitfidh amach. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as an gcaint inspioráideach a thabhairt dúinn sa choiste chun ár obair a leanúint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.