Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Ciar Mackin:

Tá clú agus cáil ar ár dtír mar thír ghalánta ghlas. Leoga, deirtear go bhfuil 90 sórt glais ann. Is tír í atá lán le sléibhte agus gleanntáin ghlasa. An mbeidh an scéal seo amhlaidh i gceann 50 bliain áfach? Is iomaí athrú a tháinig ar an saol le breis agus 100 bliain anuas, go mór mór sa tír bheag ghalánta ghlas seo. Le fás na tionsclaíochta agus na teicneolaíochta, is iomaí buntáiste atá ann dúinn mar chine daonna. Tá saol deas compordach againn le hacmhainn le cuidiú le gach compord sa saol. A bhuí le teas lárnach, bíonn ár dtithe te compordach. Bíonn uisce te ar fáil ar an toirt. Bímid in ann ár dteilifís agus soilse a chur ag dul lenár nguthanna fiú. Tá saol an mhadra bháin againn. Ag caint ar an madra bán, cén tionchar atá ag an tslí mhaireachtála seo ar na hainmhithe sa tír s’againne?

De réir tuairisce ar na mallaibh ó na Náisiúin Aontaithe, tá cailliúint speiceas ollmhór ann ar ráta chomh gasta nach bhfacthas a riamh roimhe. Dár ndóigh, de réir na tuairisce ó IPBES, tá an t-athrú seo ag tarlú 100 uair níos gasta ná riamh roimhe. Is iomaí éan agus ainmhí atá i mbaol in Éirinn. I lár na 1980í in Éirinn, bhí thart ar 5,000 péire cuirliún sa tír seo ach anois, de réir WWF, níl ach 150 acu ann. Is titim 97% é sin. Bhíodh an cnádán le feiceáil uair den saol ar gach páirt den chósta in Éirinn. Ní mhaireann sé anois ach i gcorr áiteanna beaga i gCiarraí sa lá atá inniu ann. Tá mé cinnte de gur chuala gach mac máthar agus iníon athar ar thitim an iora rua. Bhí Éire breac leo lá den saol, ach anois, is fíor annamh a fheictear iad. Is tubaisteach an scéal é.

Deirtear go bhfuil clú an fháilteachais ag muintir na hÉireann ach is cosúil nach mbaineann sin le hainmhithe. An bhfuil muid chomh leithleach sin mar dhaoine, gur cuma linn faoin mbithéagsúlacht a chaomhnú? Ní féidir a shéanadh go bhfuilimid, mar chine daonna, chomh buartha fúinn féin agus ár gcuid saolta deasa compordacha go mbíonn drochthionchar ar na hainmhithe seo agus ar na gnáthóga ina maireann siad.

Bíonn an frása athrú aeráide i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann agus, déanta na fírinne, is maith go mbíonn. Caithfimid dul i ngleic leis. De réir na háisíneachta cosanta timpeallachta, Met Éireann agus na hinstitiúide mara, tá na himpleachtaí an-fheiceálach ar fad. Tá leibhéal na farraige ardaithe 2 mm go 3 mm ó 1990 agus tá láidriú tagtha ar shreabhadh na n-aibhneacha freisin. Ní théann samhradh tharainn nach gcluintear ar abhainn ag sileadh thar an mbruach agus ag déanamh an-damáiste do thithe agus do ghnóthaí. Nuair a amharcaimid ar na blianta is teo a bhí riamh ann, tá 15 de na blianta is teo ann ó 1990. Is é an rud a chuireann imeagla orm ná go ndeirtear go bhfuil 50% de mhéadú ar an méid dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar i gcomparáid leis an tréimhse réamh-thionsclaíochta. Ní saineolaí mé ach tuigim gur rud uafásach é sin.

Le fás na gcathracha agus mbailte móra, tá crainn á leagadh le haghaidh tithe agus foirgnimh a thógáil. D’fhoghlaim mé sa rang staire ar scoil go raibh Éire chomh tiubh le crainn go dtiocfadh le hiora rua dul ó Chiarraí go hAontroim gan cos a chur ar an talamh.

Is seanstair í sin agus meirg uirthi anois. Tá bealaí móra galánta ann dúinn dár gcarranna. Ní áibhéil a rá go mbíonn an tuath in úsáid do chúrsaí talmhaíochta amháin mar is é sin an rud is féidir linn brabús a dhéanamh amach as. Ach, tá rudaí níos tábhachtaí ná airgead. Tá tuath ghlas na hÉireann ina fhásach anois a bhuí leis seo. De réir Pádraig Fogarty, tá ainmhithe agus speicis imithe ó na móinteáin taobh istigh de ghlúin amháin agus nach dtiocfaidh siad ar ais. Mura dtugaimid faoin fhadhb láithreach, beidh an tír seo scriosta againn. Níl mé ag caint faoi na hainmhithe amháin. Tá muid féin ag brath ar an mbithéagsúlacht d’uisce glan agus don aer glan a chothaíonn an saol dúinn. Sílim féin go bhfuil dúshláin mhóra romhainn maidir leis seo uilig. Más féidir linn an scéal a scaipeadh agus a chur ina luí ar dhaoine, tá mé cinnte de go dtiocfadh linn daoine a spreagadh chun gnímh. Is féidir linn uilig tabhairt faoin bhfadhb agus ár bpáirt a imirt sa chath seo. Braitheann todhchaí an chine daonna air, go fiú.

Mar fhocail scoir, tá mé dóchasach go bhfuil ár nglúin feasach ar an mbaol atá ann dár gcóras éiceolaíochta, ach ní mór dúinn gníomhú anois, nó beidh Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair cosúil le Tír na nÓg agus gan a bheith ann ach sna finscéalta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.