Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 18 May 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuairimí an Aosa Óg: Plé
Ms Caitl?n de Buitl?ir:
Is mór an phribhléid dom a bheith anseo inniu chun todhchaí éiceolaíochta na hÉireann a phlé. Tá cáil orainn in Éirinn dár bpáirceanna glasa, dár gceantair chósta agus dár n-áiteanna rí-speisialta ar nós Chlochán an Aifir agus an Bhoirne. Tá áilleacht faoi leith bainteach leis na seoda nádúrtha seo, chomh maith leis an bhflóra agus leis an bhfána a mhaireann iontu. Tá an t-ádh linn a bheith mar náisiún oileánda. Is gné é a chuireann leis an mbithéagsúlacht atá againn anseo in Éirinn. Tá go leor speiceas dúchasach álainn a mhaireann i gceantair éagsúla fud fad na tíre, agus a mhair trí thréimhsí saibhre stairiúla agus tréimhsí tragóideacha. Is é ceann de na tragóidí reatha atá ann ná caillteanas na speiceas dúchasach agus laghdú ar an mbithéagsúlacht ar fud an domhain. Céard a chiallaíonn sé sin dár dtodhchaí éiceolaíochta in Éirinn?
Dár leis an World Wildlife Fund, WWF, níl ach 23% de speicis agus 16% de ghnáthóga Eorpacha i mbarr a sláinte. Dár leis an Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services, IPBES, atá ina staidéar ar an mbithéagsúlacht dhomhanda, tá ceann as gach cúig speiceas in Éirinn i mbaol dul in éag agus ceann amháin as gach trí speiceas beacha, 37 speiceas éin ina measc, chomh maith leis an ainmhí is ársa in Éirinn, is é sin an diúilicín péarla fionnuisce. Ní dhearnadh staidéar ach ar stádas 10% den 31,000 speiceas atá sa tír seo. Ní fheadar cé chomh holc agus atá cúrsaí do na cinn eile. Tá speicis a shuíonn go ciúin sna páirceanna, sna foraoise, sna farraigí agus san fhionnuisce ag dul in éag i ngan fhios dúinn agus muid dírithe ar an ngeilleagar, ar chúrsaí polaitíochta, ar fhadhbanna sóisialta srl. Tá a fhios againn go bhfuilimid, mar dhaoine, ag brath go hiomlán ar speicis éagsúla dár soláthar bia go príomhúil agus do go leor eile chomh maith.
Tá go leor cainte na laethanta seo faoi bheith inbhuanaithe, mar is ceart, le cinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ann, ní amháin don ghlúin óg ach do na glúnta atá le teacht. Mar thoradh ar an gcaillteanas bithéagsúlachta domhanda, tá bac ar 80% den dul chun cinn a bhaineann leis na spriocanna domhanda um fhorbairt inbhuanaithe atá leagtha síos ag na Náisiúin Aontaithe. Má leanann cúrsaí mar atá, tá an todhchaí éiceolaíochta agus an todhchaí ghinearálta dorcha, gan mórán dóchais. Beidh an t-aer ró-nimhneach le hanálú, beidh na huiscí truaillithe agus beidh acmhainní tábhachtacha caillte. Tá an aimsir chun athrú go mór má leanaimid ar aghaidh mar seo. Ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó tonnta teasa agus níos lú báistí. Cuirfidh an dá rud seo isteach ar thimthriall beatha plandaí agus ainmhithe.
Is é ár n-aidhm don todhchaí éiceolaíochta ná an truailliú san uisce agus san aer a laghdú. Ba mhaith linn críoch a chur leis an athrú aeráide agus ní theastaíonn uainn tuilleadh acmhainní a chailliúint. Chun é seo a bhaint amach, tá orainn an méid breoslaí iontaise atá á dhó againn a laghdú. Is féidir siúl nó rothaíocht in ionad dul ag tiomáint. Gan na gáis a scaoileann na breoslaí iontaise san aer, beidh an caighdeán análaithe i bhfad níos fearr dúinn agus don saol timpeall orainn. Tá orainn ár gcuid bruscair a chuir isteach sna boscaí bruscair in ionad san uisce agus sna farraigí. Tá orainn ábhar inbhuanaithe a úsáid in ionad plaisteach nach bhfuiltear in ann a úsáid ach uair amháin. Má dhéantar na rudaí seo, tiocfaidh roinnt bithéagsúlachta ar ais agus beidh timpeallacht níos glaine ag an mbeatha mhara.
Tá mé ag teacht chuig deireadh m’óráid agus tá súil agam gur fhoghlaim an coiste cé chomh dáiríre is atá an damáiste atá déanta don timpeallacht cheana féin. Níl ach 23% de na speicis atá againn i mbarr a sláinte. Tá orainn smaoineamh faoi na glúnta atá le teacht inár ndiaidh agus an saol a bheidh acu. An mbeidh an t-aer sábháilte dóibh? An mbeidh na hacmhainní riachtanacha ar fáil dóibh? Caithfear stop ag cur leis an truailliú atá á déanamh don aer agus don uisce trí níos lú breoslaí iontaise a dhó, ábhar inbhuanaithe a úsáid, bealaí taistil níos fearr a roghnú agus bruscar a bhainistíocht go héifeachtach. Má thosaímid anois, tá dóchas ann don todhchaí. Tá an fhreagracht orainn ar fad na hathruithe seo a chur chun cinn, áfach. Táim an-bhuíoch as an bpribhléid a bhaineann le bheith anseo ag labhairt leis an gcoiste. Gabhaim buíochas leis as ucht a chluas éisteachta.
No comments