Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Níor labhraíomar go sonrach le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh go sonrach. Tá an ceart ag an Teachta faoi sin. Táim cinnte go mbeadh suim againn labhairt leis freisin. Níor labhraíomar le haon dream amháin ach leo uile. Bheinn sásta labhairt le pé dream díobh, ar ndóigh.

Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta faoin taighde, níor labhraíomar leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge faoi mhaoiniú ach bheimis sásta é sin a dhéanamh dá mbeadh sé ar fáil, ar ndóigh. Tá gá leis an moladh a bhí agam san aighneacht, le linn dom a bheith ag smaoineamh ar an tuarascáil atá i gceist ag an gcoiste a scríobh, a labhair an Cathaoirleach faoi ansin nóiméad ó shin, le tuiscint mhaith a fháil ar nósanna léitheoireachta na hóige, na suimeanna atá acu agus cén uair a thagann deireadh leis an nós sin nó an dtagann deireadh leis. Tá an chosúlacht ann domsa ar a laghad go dtagann deireadh leis sna 20idí nuair a thagann deireadh leis an oideachas tríú leibhéal. Tá daoine ann agus leanfaidh siad leis an teanga mar go bhfuil suim ar leith acu inti. Tá dream eile ann freisin, ámh, agus b'fhéidir go bhfuil suim acu ann ach nach mbíonn an deis acu í a labhairt go laethúil nó ar bhonn rialta ar chor ar bith.

An bhfuil rudaí gur féidir linn a dhéanamh leis an teanga a chur os a gcomhair siúd? Is cinnte gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh sin de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.