Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sa chás seo, bhí a leithéid ar bun anseo san Oireachtas. Bhíodh intéirneachtaí ar siúl, go mór mór le daoine a bhíodh ag teacht ó ollscoileanna thar sáile. Is é an rud a d'athraigh gach rud ar an dá thaobh ná gur thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, maidir leis na cúrsaí a bhí aige siúd, ag cur daoine isteach le Gaeilge le hobair a dhéanamh le Teachtaí Dála a bhíonn Gaeilge á húsáid acu gach uile lá. Tá sé le tuiscint ó Éanna Ó Caollaí nár labhraíodh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhaoine a chur isteach go sonrach in The Irish Times, mar shampla, le bheith ag plé le hiriseoir sa Ghaeilge go heisiach seachas i gcodanna eile den pháipéar go taismeach. D'fhéadfadh an nuachtán Gaeilgeoir a fháil áit ar bith, ach táim ag caint faoi intéirneachtaí a bheadh dírithe ar iriseoir Gaeilge. Ba cheart socrú a dhéanamh leis an acadamh. Tá cúrsa cumarsáide acu atá dírithe ar chéimithe cumarsáide a chur ar fáil le scileanna faoi leith. D'fhéadfadh cuid acu cur isteach ar TG4 agus ar áiteanna eile freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.