Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim é sin. Níl mé ag déanamh beag is fiú as daoine a spreagadh agus as a bheith ag obair as lámha a chéile. Ní hé sin atá i gceist agam. Táim ag labhairt faoin ngá práinneach le critéir agus le cuspóirí, agus iad a bhaint amach laistigh d'achar ama bunaithe ar anailís. Ag filleadh arís air, tá gá le taighde anseo agus le haitheantas freisin. Táim beagnach críochnaithe ach maidir leis an liosta sin, is liosta ginearálta é. An bhfuil an chomhairle ag labhairt faoin méid de na heagraíochtaí sin atá ag cur na Gaeilge chun cinn nó atá bainteach leis an nGaeilge? An mbeadh an chomhairle in ann na figiúirí a thabhairt dom, nó teacht ar ais chugam leo, lena rá go sonrach leis an gcoiste líon na n-eagraíochtaí sin atá dírithe isteach ar an nGaeilge? Cad iad na critéir agus cén saghas monatóireachta agus aisfhreagra atá i gceist leo ionas go mbeidh an chomhairle in ann a chinntiú go bhfuil sé sin á dhéanamh acu?

Ansin, tá an tionscnamh bronnta leabhar anseo thar a bheith suimiúil. Tá dearmad déanta agam ar an méid bunscoileanna atá sa tír. Is dóigh liom go bhfuil 3,000 díobh ann ach is figiúr 1,125 atá luaite anseo. Maidir leis na sonraí faoin scéim dhearfa sin, cén chaoi ar piocadh na scoileanna sin nó ar phioc na scoileanna iad féin? An bhfuil siad sa Ghaeltacht, taobh amuigh den Ghaeltacht nó an bhfuil meascán ann? Arís, cén saghas monatóireachta atá ar siúl chun an scéim sin a leathnú amach nó a shrianadh, nó cibé cén rud atá ag teastáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.