Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Maidir le tábhacht na hóige agus an léitheoireacht, tá sé deacair i gcónaí aon chineál nós léitheoireachta a fhréamhú san óige, cuma cén teanga atá i gceist. Mar a luaigh mé níos luaithe, tá níos mó daoine i mbun léimh agus scríbhneoireachta na Gaeilge sa lá atá inniu ann, as a stuaim féin ar na meáin shóisialta, mar shampla, ná mar a bhí in aon chomhthéacs eile roimhe seo. Ní rud nua an tsuim seo. Tá ardchaighdeán oideachais á fháil ag mic léinn na tíre. Bíonn muid de shíor ag caitheamh anuas ar an gcóras oideachais ach ag an am céanna, ag breathnú siar ar na figiúirí, in 2021 bhain níos mó ná 9% dóibh siúd a rinne an ardteistiméireacht H1 amach sa Ghaeilge ag an ardleibhéal. Tá daoine ag fágáil na scoile le Gaeilge agus tá siad in ann í a labhairt. Feictear é sin anois ar bhealach nach raibh chomh soiléir roimhe seo ach ní dóigh liom gur borradh nua é sin sa teanga. Go traidisiúnta, bhíodh na cumainn Ghaelacha sna hollscoileanna uilig-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.