Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an cruinniú seo mar chuid de shrath cruinnithe agus tá na cruinnithe seo thar a bheith tábhachtach agus cabhrach dúinne mar bhaill den choiste seo. I mo thaithí féin, bíonn an Ghaeilge thíos i gcónaí. Tá an coiste seo ag iarraidh anailís a dhéanamh ar an bhfíric sin, cén fáth go bhfuil rudaí mar atá agus cad is féidir a dhéanamh. Tosóidh mé le hÉanna Ó Caollaí. Bíonn The Irish Timesá léamh agam gach lá agus faighim an cóip chrua. Deir an ráiteas tosaigh, “Tá guth neamhspleách sainiúil ag The Irish Timesi gcónaí”. Is dóigh go bhfuil tuilleadh díospóireachta ag teastáil faoin ráiteas sin ach b’fhéidir nach don chruinniú seo é. Ní aontaím go huile agus go hiomlán leis sin ach tuigim é. Ní raibh mé in ann gan é sin a rá.

Bhí mé tógtha le dhá rud a léim amach sa ráiteas. Ar dtús, dúradh go bhfuil gá le “taighde ceart socheolaíoch ar an léitheoireacht i nGaeilge - minicíocht, ábhar [agus mar sin de]”. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoi sin mar tá bearna mhór ansin. Ní féidir réiteach a chur chun cinn gan an saghas sin taighde a bheith againn. An dara rud ná an coincheap den droichead. Deir an ráiteas, “Is féidir leis na meáin Bhéarla bheith ina ndroichead do dhaoine nach rachadh as a mbealach go minic chun teacht ar ábhar i nGaeilge”. Is dóigh go bhfuil an ceart ag an bhfinné faoi sin. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoin droichead sin. Léann mise an rud beag bídeach Gaeilge a bhíonn sa pháipéar ar an Luan. B’fhéidir go bhfuil srianta spáis i gceist ach ba chóir go mbeadh an foclóir beagáinín níos mó dá mba rud é go raibh na finnéithe in ann é sin a dhéanamh. Tá cairde agus gaolta agam a dhéanann a míle ndícheall chun na hailt a léamh, cuid Éanna Ó Caollaí agus na cuid ón Ollamh Titley, atá beagáinín níos deacra, ní mór dom a rá. Déanann muid go léir ár n-iarrachtaí. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoin droichead sin.

Tá na moltaí sa ráiteas tosaigh suimiúil. Baineann uimhir 5 le taighde ceart. Cé air a bhfuil an fhreagracht é sin a dhéanamh?

Ceann de na moltaí eile ná go mbeadh cuspóir ag an Stát go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i mbun iriseoireachta Gaeilge i ngach nuachtán. Ba mhaith liom tuilleadh eolais faoi sin. Cén chaoi a bhfeiceann Éanna Ó Caollaí é sin ag feidhmiú? An dara moladh ná scéim tacaíochta ar leith a bhunú chun tacú le hiriseoireacht Ghaeilge sna meáin nuachta Bhéarla. Aontaím leis na moltaí ach ba mhaith liom iad a chíoradh. Moltar freisin scéim intéirneachta do chéimithe óga. Rud thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith praiticiúil é sin. Cad iad na constaicí ansin? Cén fáth nach bhfuil sé sin déanta? Moladh eile ná ardchúrsaí i scríobh agus i ngramadach na Gaeilge a mhaoiniú. Tá sé sin ag teastáil go géar. Iarraim ar Éanna Ó Caollaí na ceisteanna sin a fhreagairt agus ansin rachaidh mé ar aghaidh go dtí an Chomhairle Ealaíon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.