Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ó thaobh an Chomhairle Ealaíon de, conas is féidir linn déanamh cinnte de go méadaítear céatadán nó méid Gaeilge atá á chur chun cinn ag na grúpaí a fhaigheann airgead agus atá liostáilte in aguisín 2? Tá aithne agam ar roinnt acu agus tá á lán oibre á dhéanamh acu. Dar ndóigh, tá liostaí de roinnt foilsitheoirí a dhéanann foilsitheoireacht go hiomlán trí Ghaeilge anseo. Tá roinnt féilte ann a bhfuil eolas agam fúthu agus bíonn seisiún ar leith iontu ó thaobh fhilíocht na Gaeilge nó a leithéid. Níor aithin mé go raibh aon ról ag roinnt eile acu. Tá sé go maith go bhfuil siad ann má tá siad ag déanamh méid bhig. Conas is féidir linn déanamh cinnte de go méadófar é sin?

Luaigh Éanna Ó Caollaí go mbeadh feiceálacht na Gaeilge ag ardú de thairbhe an dréachtpholasaithe. Cén uair a bheidh an dréachtpholasaí sin foilsithe go sonrach? Dúirt sé am éigin i mbliana.

Tá a fhios agam go raibh a lán de na seanchlasaicí foilsithe as Gaeilge thar na blianta ag An Gúm nuair a bhí An Gúm á dhéanamh don Stát. Tá a lán clasaicí nua ó thaobh an Bhéarla nó aon teanga eile de. Tógann sé tamall maith de bhlianta sula bhfeicimid foilsithe iad. B'fhéidir gurb é na cearta agus copyrights iad roinnt dó sin. Caithfear an bunúdar a íoc chomh maith leis an aistritheoir. An bhfuil aon bhealach, mar shampla, maidir le buaiteoir an International Literature Festival, gur féidir le duine éigin a bheith ag obair cheana féin ar an leabhar sin le bheith foilsithe i bhfoirm aistrithe as Gaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.