Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Luaigh Éanna Ó Caollaí an neamhspleáchas atá ag The Irish Times. Glacaim leis, má tá sé á rá sin, nach mbeadh sé ag lorg go mbeadh The Irish Timesag brath ar dheontas do chur chuige ó thaobh na hiriseoireachta Gaeilge de. Is féidir linn moladh a thabhairt do na foilseacháin Ghaeilge ar fad - nuachtáin, irisí agus a leithéid - agus luaigh mé seo nuair a bhí Feastaagus a leithéid os ár gcomhair, go bhfuil deis mhór chun teacht lenar féidir linn brú a chur ar na foilseacháin ar fad, Béarla nó Gaeilge, níos mó a fhoilsiú i nGaeilge toisc go bhfuil dualgas breise chun teacht ar an státchóras níos mó fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Má tá siad ag fáil na fógraíochta seo as Gaeilge, ba chóir go mbeadh dualgas ar an iris nó nuachtán sin níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de seachas na fógraí seo a bhéas curtha isteach i nuachtán nach raibh meas acu nó nach ndearna faic ó thaobh na Gaeilge de go dtí seo. An mbeadh sé sin mar chuidiú dá leithéid The Irish Timesle feiceáil go mbeidh airgead - ní airgead mór é - agus buntáiste ag teacht chun cinn dó amach anseo ionas gur féidir leis níos mó alt nó a leithéid a chur ar fáil?

Roimhe seo, bhí leithéidí Foinseagus againn a bhí foilsithe go laethúil i gcás agus go seachtainiúil i gcás Foinse. Agus iadsan imithe, níl aon nuachtán Gaeilge againn a thuilleadh go fisiciúil. Tá Tuairiscagainn, feicimid an stuif atá aige agus déanaimid a mhéid a roinnt go cuibheasach flaithiúil mar níl paywall ann. Uaireanta ní bhímid in ann stuif The Irish Timesa scaipeadh chomh tapa agus is féidir linn toisc go bhfuil paywall i gceist. B'fhéidir go bhfuil an méid alt atá aige nó aici ídithe ag pé duine atá á léamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.