Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 27 April 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Mr. Éanna Ó Caollaí:
Aontaím leis an Teachta faoi sin. Bheadh fiúntas le scéim thacaíochta a chabhródh le hiriseoirí atá ann faoi láthair ar mhian leo tabhairt faoi na meáin chruthaitheacha foghlaim faoi cén chaoi lena leithéid a dhéanamh i nGaeilge agus tabhairt faoi eagarthóireacht agus scríbhneoireacht i nGaeilge freisin. D’fhéadfaí cúrsaí a chur ar bun freisin dóibh siúd gur mian leo tabhairt faoin obair sin. Tá roinnt mhaith iriseoirí, comhghleacaithe liom féin, agus bímid ag caint as Gaeilge an t-am ar fad san oifig ach tá mé cinnte gur bhreá le cuid acu siúd tabhairt faoi roinnt cúrsaí dá mbeadh an seans ann é sin a dhéanamh.
No comments