Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Tá roinnt scríbhneoirí againn, mé féin ina measc. An chuid is mó den am scríobhaimse na hailt a fhoilsítear sa cholún "Tuarascáil" in The Irish Timesagus tá colún ag an Ollamh Alan Titley freisin a fhoilsítear chuile sheachtain. Ansin tá scríbhneoirí eile ar nós Declan Collinge agus Ciarán Ó Cualáin a sheolann ailt isteach agam ó am go chéile agus a fhoilsítear ó am go chéile. An tseachtain seo bhí píosa ag Ciarán Ó Cualáin ar an bhfeamainn agus na gnásanna a bhaineann leis sin. Ó am go chéile cuireann daoine ailt isteach chugainn ach ní fhaighimid an t-uafás díobh. Roinntear na hailt sin go minic ar na meáin sóisialta. Ní fiú beag is fiú a dhéanamh de na meáin shóisialta ar chor ar bith mar go minic deirtear go bhfuil nasc iontach láidir ann idir léitheoireacht na Gaeilge agus an chórais oideachais. Tá dar ndóigh mar sin an áit is mó a fhoghlaimíonn daoine an teanga i dtosach báire. Deirtear freisin nach dtéann sé mórán níos faide ná geataí na scoile, agus b'fhéidir gur fíor sin freisin ó thaobh léitheoireachta de ar bhealach traidisiúnta agus ó thaobh léitheoireacht na leabhair, b'fhéidir.

Ag an am céanna, labhair mé leis an údar Seán de Fréine cúpla bliain ó shin agus dúirt seisean gur chreid sé go raibh muid ag maireachtáil i ré órga maidir le scríbhneoireacht na Gaeilge agus go raibh níos mó á scríobh sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh. Má bhreathnaítear ar na meáin shóisialta sin, tá an t-uafás ar siúl ann. Tá an t-uafás Gaeilge á labhairt, á scríobh agus á léamh ar na meáin shóisialta. Tá chuile sheans ann go bhfuil níos mó daoine ag léamh agus ag scríobh na Gaeilge as a stuaim féin san am saor atá acu ar na meáin shóisialta ná mar a bhí in aon chomhthéacs eile le fada an lá.

Mar a luaigh Sarah Bannan ansin, tá taighde ar bun faoi na suimeanna, modhanna léitheoireachta agus mar sin de atá ar bun ag daoine. Bheadh an-luach le taighde socheolaíochta a dhéanfadh iniúchadh ar ghnásanna léitheoireachta agus leis an taighde a dhéanamh go rialta ar mhinicíocht, ar ábhar, ar aois na léitheoirí, ar chumas, ar inscne, ar na spéiseanna atá acu, ar pé deacrachtaí atá acu freisin agus go leor eile anuas air sin. Níl mé ag rá go bhfuil borradh ar leith faoi, faoi láthair, ach tá mé ag ceapadh go bhfuil níos mó daoine ag léamh agus ag scríobh sa chomhthéacs sin ná mar a bhí le fada an lá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.