Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhíos ag éisteacht leis an gcur i láthair agus tá cúpla ceist agam dá bharr. Baineann sé níos mó le nuachtáin agus le hiriseoirí. Aontaím leis an moladh ansin go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i ngach nuachtán a bheadh ábalta scríobh ar son lucht na Gaelainne. Feicimid le The Irish Times, The Corkmanagus The Echoi gCorcaigh go bhfuil sé sin ar fáil. Is mór an ní é sin. Cé chomh éasca nó deacair is atá sé teacht ar na hiriseoirí sin? An bhfuil siad ar fáil? An bhfaigheann The Irish Timesiarratais? Cén saghas éilimh atá ann nuair a théann sé sa tóir ar dhaoine? Anuas air sin, cad faoi aiseolas ón lucht léitheoireachta ar nós litir chuig an eagarthóir? An dtagann siad sin as Gaelainn nó an mbíonn daoine ag gearán ar alt éigin a scríobhadh? Nuair a deirim "ag gearán" nílim ag caint mar gheall ar chaighdeán na scríbhneoireachta ach go mb'fhéidir go bhfuil easaontas mar gheall ar an ábhar. An dtagann sé sin agus an bhfuil aiseolas ag teacht ó phobal na Gaelainne mar gheall ar an tseirbhís atá ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.