Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Beidh cúpla ceist agam níos déanaí faoin méid atá ráite ag Éanna Ó Caollaí. Gabhaim buíochas d'ár n-aíonna ón gComhairle Ealaíon as a bheith linn anseo agus as an dá aguisín a thug siad dúinn ag liostáil roinnt de na daoine nó eagraíochtaí atá an Chomhairle Ealaíon ag déileáil leo ó thaobh na Gaeilge de. Tá figiúr tugtha in aguisín 2 go bhfuil breis is €4 milliún i gceist sa chaiteachas atá ag an gComhairle Ealaíon d'eagraíochtaí litríochta. A lán acu sin, a lán de na féilte agus roinnt de na foilsitheoirí atá liostáilte anseo, ní cuimhin liomsa leabhair Ghaeilge uathu nó aon rud ar bith ó thaobh na Gaeilge de uathu. As an €4 milliún sin, an bhfuil a fhios ag an gComhairle Ealaíon cé mhéad de a chaitear ar litríocht nó ar scríbhneoireacht na Gaeilge?

An mbíonn an Chomhairle Ealaíon ag obair le Foras na Gaeilge chun déanamh cinnte de nach bhfuil sé ag teacht salach ar na scéimeanna deontais atá aige? Tá scéimeanna áirithe aige agus b'fhéidir gur féidir cur leis sin, ach go háirithe toisc go bhfuil ról ar leith ag an gComhairle Ealaíon maidir leis na healaíona agus, sa chás seo, ealaín na scríbhneoireachta ach go háirithe. Tá ról ag Foras na Gaeilge agus is féidir synergies, mar a deirtear i mBéarla, a bheith i gceist ionas go mbeadh níos mó buntáiste le baint as an dá eagras ag obair le chéile agus go mbeadh níos mó tairbhe ann ó thaobh infheistithe i bhfoilsitheoireacht agus léitheoireacht dá réir.

Níl fadhb ó thaobh na Gaeilge de amháin ach ó thaobh na léitheoireachta de i gcoitinne. Conas gur féidir linn déanamh cinnte de go mbeidh na glúnta atá romhainn ag léamh níos mó agus ag gabháil, ní hamháin don éisteacht nó don léamh ach don cheird atá i gceist, mar tá ceird ar leith, mar a luaigh Éanna Ó Caollaí, in iriseoireacht na Gaeilge. Tá ceird eile ann ó thaobh na scríbhneoireachta de agus tá ceird eile sa filíocht. Tá leibhéil difriúla ansin, agus chun go mbeadh teanga beo ann, caithfear daoine a bheith ann le húrscéalta, dánta, téacsleabhair agus scéalta nuachta a scríobh. Tá go leor le déanamh. Mar sin tá gá le ceardlanna, printíseachtaí, cursaí ollscoile agus a leithéid chun déanamh cinnte de go mbeidh Gaeilgeoirí ann amach anseo a mbeidh in ann gach uile ceann de na tréithe sin a dhéanamh.

Ag deireadh an phróisis seo, tá súil agam go mbeidh muidne ag déanamh moltaí chuig na finnéithe ar fad agus chuig an Rialtais ar cad a shíleann muidne gur féidir linn ar fad a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.