Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Is gá breathnú ar cheist an chostais. Ní bheadh figiúr agamsa anois maidir leis sin ach bheadh sé tábhachtach go mbeadh daoine i lár an aonaigh mar gur cheist í seo a bhaineann le feasacht nó le hinniúlacht chultúrtha ar bhealach. Is éard atá i gceist agam leis sin ná an cumas atá ag daoine chun daoine eile ó chultúir eile, ó chórais creidimh eile nó ó theanga eile atá difriúil óna gceann féin a thuiscint. Is gné é sin go mí-ábharach atá in easnamh go minic ar dhaoine. Is minic é ráite liomsa, agus tá mé cinnte go bhfuil sé ráite le daoine le Gaeilge agus le daoine eile atá anseo, agus ráite go lom agus gan fiacail a bheith curtha ann, gur cur amú airgid nó gur cur amú ama atá sa teanga agus nach fiú puinn í a léamh nó a fhoghlaim agus nach bhfuil sí úsáideach ar bhealach ar bith phraiticiúil agus go mb'fhearr go mbeadh teanga éicint eile á mhúineadh nó á fhoghlaim ag daoine sa scoil. Go minic ní chuimhníonn na daoine sin gur níos mó ná siombail náisiúnta atá sa teanga, agus dóibh siúd a labhraíonn í ar bhonn laethúil nó go rialta, is cuid lárnach dá bhféiniúlacht féin atá ann. Caithfear cuimhneamh, i gcomhthéacs na tíre seo, stair na tíre agus chuile rud a tharla i stair na tíre seo go bhfuil cumhacht an Bhéarla chomh ceannasach agus chomh fréamhaithe sin sa sochaí nach dtuigeann go leor daoine nó baill de phobal an Bhéarla go minic na bealaí a bhfuil srianta cultúrtha, sóisialta agus praiticiúla ar úsáid na Gaeilge go poiblí.

É sin ráite, ní staid mharfach atá ann ach an oiread agus is féidir tabhairt faoin mheoin sin a athrú. Bealach maith a bheadh ann tabhairt faoin obair sin ná scéim éicint a chumadh ina bhféadfaí tacaíocht a thabhairt d'iriseoirí óga ar mian leo dul i mbun na hiriseoireachta a chleachtadh i nGaeilge. Is féidir dul chun cinn mór a dhéanamh maidir leis sin. Ó thaobh maoinithe de ní cheist í seo a bhainfeadh le maoiniú a thógáil ó na meáin a chuireann seirbhís ar fáil don phobal Gaeilge cheana féin ach gur cheart maoiniú nua a chur ar fáil le tabhairt faoi seo mar gur dúshlán nua a bheadh ann ar bhealach. Má táthar le bheith dáiríre, ní hamháin faoi athbheochan na teanga ach faoi láidriú na teanga, gur cheart díriú isteach ar an bpobal neamhthraidisiúnta sin. Sin iad an dream nach mbíonn i mbun plé leis an teanga ar bhonn laethúil nó go rialta. Ní hamháin go gcuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil do chéimithe, seans go gcabhródh sé freisin le hinniúlacht chultúrtha na pobal léitheoireachta Béarla agus na heagrais féin. Chabhródh sé leo é sin a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.