Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Antóin Ó Trinlúin:

Tá mise ag féachaint ar shaol na Gaolainne san ollscoil le cúpla bliain anuas chomh maith. Thosnaigh mise ar an ollscoil cúig bliana ó shin; mar sin, táim beagáinín níos sine ná gach éinne eile a bhí páirteach san iris seo. Ag féachaint siar, nuair a thosaigh mé amach ar an ollscoil, bhí beagnach gach éinne a bhí páirteach ar choiste na Cuallachta ar aon chuma agus na daoine a d'fhreastalaíodh ar na himeachtaí ag tabhairt faoin nGaolainn mar ábhar san ollscoil. Tá sé sin athraithe go hiomlán beagnach. Ag féachaint ar choiste na bliana seo, tá 14 duine ar an gcoiste agus ní déarfainn go bhfuil ach thart ar ceathrar nó cúigear ag tabhairt faoin nGaolainn. Go bhfios dom, níl éinne ag tabhairt faoin nGaolainn mar ábhar sna healaíona. Is múinteoirí agus mar sin atá i gceist. Mar sin, tá athrú ollmhór tagtha.

Fiú ag féachaint ar na scríbhneoirí a bhí páirteach i mBreacféin, mar a luaigh Caitríona Ní Chonaill, bhí roinnt daoine agus b'fhéidir nár thaitin an Chuallacht leo agus b'fhéidir go raibh roinnt daoine nár theastaigh uathu a bheith ag freastal ar pop-up Gaeltachtaí nó ar ceardlanna fostaíochta nó pé rud é. Bhíodar sásta ailt a scríobh mar nach raibh orthu teacht chuig rud. Ní raibh orthu teacht go dtí an seoladh nó pé rud é ach bhí siad compordach ag an mbaile ag úsáid a gcuid Gaolainne. Bhí an-chuid daoine, b'fhéidir, nach raibh muiníneach as a gcuid Ghaolainne féin ach bhíodar sásta teacht chugainne agus sheoladar a gcuid ailt chugainn agus bhí orainn beagáinín léamh profaí a dhéanamh ach bhí sé sin go breá. Thug sé sin muinín dóibh agus tá súil agam go dtiocfadh siad thar n-ais mar sin agus go mbeidh a gcuid Gaolainne, b'fhéidir, níos fearr an chéad uair eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.