Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Professor Alan Titley:

Tá a mhéar leagtha ag an Seanadóir ar an bhfadhb. Tá an fhreagracht seo scaipthe agus níl aon ionad amháin ann. Dá mbeadh lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, mar atá i mBéal Feirste, bheadh sin go hiontach. Bíonn an baol ann i gcónaí leis sin go gceapann daoine eile nach bhfuil freagracht ar bith orthu. Mar shampla, bhí baint éigin agam le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá ionad breá acu ansin, Áras na Gaeilge. Tá sé go hiontach agus is féidir le duine a chuid nó a cuid oibre go léir a dhéanamh ann. Is í an t-aon deacracht, agus ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach air seo, ná gur súdh an Ghaeilge go léir isteach in aon áit amháin agus dá bhrí sin ní raibh sí le feiscint nó le cloisteáil go ró-mhinic in áiteanna eile. Tá beagán den rud céanna fíor le TG4, atá go hiontach mar is eol dúinn. B'fhéidir gur shíl daoine eile in RTÉ go raibh a ngnó déanta nuair a bunaíodh TG4. Sa mhéad sin, tá an fhreagracht seo scaipthe sa cheist faoi na féilte agus na siopaí leabhair.

Gan amhras, ní haon ghnó den Rialtas é a rá leo go gcaithfidh siad seo a dhéanamh. Bhí an Cathaoirleach ag caint ar na daoine a bheidh ag teacht os comhair an choiste. N'fheadar an bhfuil sé i gceist ag an gcoiste, mar shampla, glaoch isteach ar na heagarthóirí liteartha nó ar cuid de na léiritheoirí ar na cláir ealaíne in RTÉ nó in áiteanna eile agus a chur ina luí orthu go bhfuil an obair seo, na leabhair seo, na hacmhainní seo agus an soláthar seo ag baint le pobal na hÉireann agus an cheist a chur orthu cén fáth go bhfuil siad ag déanamh neamhairde orthu ar fad. Ní féidir linn greim scrogaill a bhreith orthu agus a rá go gcaithfidh siad seo a dhéanamh ach b'fhéidir go bhféadfadh muid iad a náiriú ó am go chéile agus na rudaí seo a chur ar a súil ar a laghad, mar a bhíos ag rá. Ní naimhdeas go hiomlán a bhíonn ann, ach aineolas go minic, cé go mb'fhéidir go bhfuil píosa éigin de sin ann chomh maith. Sin í an fhadhb; an scaipeadh sin le freagracht as ceisteanna poiblíochta. Caithfear greim éigin a bhreith air sin, mura mbeadh oifigeach nó duine éigin a d'fhostódh Rialtas na hÉireann le dul timpeall agus cloiginn a bhualadh le chéile. Ní dúirt mé é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.