Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Elly Shaw:

Bhí mé ag smaoineamh ar dhá leabhar faoi leith nuair a bhíothas ag caint. Is é ceann amháin dóibh ná ceann a d'fhoilsigh LeabhairComhar, Tairngreacht, de bhua gradam leabhar na bliana An Post a bronnadh air cúpla bliain ó shin. Dá bhfeicfeadh roinnt daoine é sin gan an gradam mór seo agus é a fheiceáil ar líne agus daoine ag caint faoin leabhar seo a bhuaigh leabhar na bliana, b'fhéidir nach mbeidís tar éis é a phiocadh suas. Is scéinscéal é saghas. Tá dúnmharú ann agus an gnáth saghas rud.

Bhí leabhar eile ag Prionsias Mac a' Bhaird roimhe sin agus tugadh Dan Browne na Gaeilge air. Nuair a fheiceann daoine é sin, deir siad go dtuigeann siad é sin. Is leabhar maith é agus tá scéal maith ann. Tá i bhfad níos mó i gceist le leabhar Phrionsias Mac a' Bhaird, Tairngreacht, ach is cuma i ndáiríre cad é atá fíor nó nach bhfuil. Is é cad a cheapann daoine atá fíor. Cheannaigh an-chuid daoine an leabhar sin. Táimid anois ar an dara cló air sin agus ar an tríú chló ar an gcéad leabhar a bhí aige, Rún an Bhonnáin.

Is é an rud faoi sin ná gur cheap daoine go raibh siad in ann don leabhar sin agus cheannaigh siad é. Is aisteach é go ndúirt an Seanadóir sin mar is é sin an dearcadh atá ag daoine faoi leabhair i nGaeilge. Ceapann siad nach bhfuil siad ábalta iad a léamh fiú nuair atá an-chuid Gaeilge acu nuair atá siad breá ábalta an leabhar a léamh ach ar fáth éigin ina gcloigne. Ceapann siad go bhfuil leabhar Gaeilge róchasta.

Is é an dara leabhar, atá an-tábhachtach agus atá ar an gceathrú chló le LeabhairComhar, i nGaeilge agus i mBéarla, ná Dialann Emily Porter: An Jailtacht. Tá sé dírithe ar dhéagóirí ach léann an-chuid daoine sna fichidí, tríochaidí, daichidí agus níos sine fós é. Tosaíonn sé amach i mBéarla agus leanann sé ar aghaidh. De réir mar a théann an leabhar ar aghaidh, foghlaimíonn an carachtar níos mó Gaeilge agus faoi dheireadh an leabhair, tá sí líofa mar caitheann sí seal sa Ghaeltacht. Tá an leabhar sin an-difriúil ó Tairngreachtach bhí an-díol air toisc gurbh é Richie Conroy, mac le Don Conroy, a scríobh an leabhar. Chabhraigh sé sin go mór leis an díolachán toisc gur aithin daoine go raibh duine mór le rá ceangailte leis. D'éirigh linn, don chéad uair riamh, agallamh a fháil ar chlár raidió Ryan Tubridy. Rinne sé sin difríocht ollmhór. Is leabhair Ghaeilge iad seo, cosúil leis na mílte leabhair mhaithe atá ar fáil. Nuair atá a fhios ag daoine go bhfuil siad ann agus go dtuigeann siad go bhfuil rud éigin dá mealladh, ceannaíonn siad iad. Níl a fhios agam an léann siad na leabhair ach ceannaíonn siad iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.