Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Níl tuairim agam i dtaobh na leabhar ach, i dtaobh ár n-irise, fuaireamar ár gcuid airgeadais ón gcoláiste, is é sin ó roinn na Gaeilge, ón meán do na mic léinn agus ón gCuallacht ach ní rabhamar ag cur táille ar ár n-iris agus mar sin, bhíomar in ann í a chur i lámh an mhic léinn agus a rá leo gur féidir leo í a léamh má theastaíonn uathu. Chomh maith leis sin, chuireamar ar gach campas é agus mar sin bhí sé ar fáil do dhaoine nach bhfaigheadh an iris ar líne. Mar shampla, chuireamar roinnt cóipeanna sa champas leighis. Níor cheapamar go mbeadh an-éileamh ar na cóipeanna ach chuamar ar ais dhá lá ina dhiaidh agus bhí siad go léir imithe. Is léir go raibh Gaeilgeoirí ansin i ngan fhios dúinn.

I dtaobh ár gcuid scaipthe, scaipeadh an-chuid de na hirisí laistigh den choláiste agus chuireamar cúpla cóip go dtí an Gadaí Dubh i mBaile Bhuirne agus chuig an Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath. Tháinig siad i dteagmháil linn agus chuir siad ceist orainn. Ba léir go raibh suim i bhfoilseacháin nua do lucht na hóige. Thugamar roinnt cóipeanna do Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne ionas gur féidir le daltaí meánscoile a gcuid tuairimí a thabhairt dúinn seachas mic léinn an tríú leibhéal ag rá leo féin go raibh siad go hiontach.

Maidir leis an aiseolas a fuaireamar ó Choláiste Ghobnatan agus na daltaí meánscoile, chuireamar chuig cúpla rang é agus chuig buachaillí agus cailíní le suimeanna difriúla. Dar leis na daltaí, bhí an iris mealltach agus na hailt a bhí scríofa an-taitneamhach agus suimiúil le léamh, chomh maith le réimse iontach a bheith ann agus go raibh alt ann do gach suim a bheadh ag léitheoir. Bhí sé sin an-tábhachtach i dtaobh na hirise seo go mbeadh réimse ábhar an-leathan againn nach raibh dírithe go hiomlán ar an nGaolainn. Bhí spórt, fake news agus filíocht againn. Bhí réimse an-leathan ann agus chabhraigh sé sin.

Chomh maith leis sin, chuireamar ceist ar phobal na Gaolainne scríobh don iris. D'fhéach mé ar an liosta scríbhneoirí a bhí againn agus níl duine acu ag dul faoin iriseoireacht. Níl aon duine san iris ag féachaint ar an iriseoireacht mar phost amach anseo ach bhíomar in ann iad a mhealladh isteach agus seans a thabhairt dóibh an iriseoireacht a dhéanamh. Mar a thaispeánann na daoine a tháinig ar ais ón mbliain seo caite, thaitin sé leo a gcuid ainmneacha a fheiceáil i gcló. Is léir ón taithí sin go bhfuil suim ag na daoine óga a gcuid n-ainmneacha a fheiceáil i gcló amach anseo. Tá súil againn go leanfaidh sé sin i bhfad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.