Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Professor Alan Titley:

An port a bhí agam ón tús, agus rud atá léirithe anseo chomh maith, ná nach pobal amháin é pobal na Gaeilge. Tá sé soiléir, mar shampla, nach ionann na léitheoirí ar fad a bheadh á éileamh ag Timire an Chroí Ró-naofa, Comhar, Breac,nó aon rud eile. Samhlaíonn muid gur aon aiméibe mhór amháin atá ann ach ní hea. Laistigh de sin tá dreamanna difriúla agus sin an fhadhb ba mhó a bhain le nuachtáin Ghaeilge sheachtainiúil. B’fhéidir go bhfuil rud éigin á chaitheamh isteach ar fud na gcos agam arís ach nuair a bhí Foinse, Agus, agus na nuachtáin sin ann, bhí siad an-mhaith go pointe ach bhíodar ag iarraidh freastal ar na pobail éagsúla go léir laistigh den Ghaeilge. Le nuachtán Domhnaigh Béarla, tá gach rud ann, spórt ina measc, agus tá nuachtáin eile go bhfuil claon eile acu a chuireann treise leis seo seachas treise leis siúd. Caithfidh an nuachtán Gaeilge gach duine laistigh den phobal sin a shásamh agus tá sé sin an-deacair.

Cé nach seo ár bport inniu, creidimse go bhfuil gá fós le nuachtáin clóite. Cé go bhfuil tuairisc.ie an-mhaith - léim gach maidin é agus is é an chéad rud a léim - is beag rud a léann duine ar líne tar éis dó é a léamh an chéad uair nó tar éis dó é a léamh an mhaidin sin. B’fhéidir go bhfuil breall orm arís ach dar liomsa, ní théann daoine ar ais ach go fánach ag rud a bhí ann trí seachtaine ó shin, mura bhfuil taighde á dhéanamh acu. Tá sé tábhachtach go mbeadh nuachtán Gaeilge ina luí thart sa teach ionas go bpiocfaidh daoine suas é nuair a fheileann sé iad. Sin an buntáiste a bhaineann le leabhair agus iris clóite. Is féidir iad a thabhairt áit ar bith, ar an traein, ag an teach beag, i do phóca nó sa ghluaisteán. Ní féidir é sin a dhéanamh leis an ríomhaire, nó tá sé níos deacra é a dhéanamh.

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag dul ar seachrán beagáinín ach baineann sé leis an gceist chéanna, le dáileachán. Tá an pobal seo scaipthe agus is deacair freastal orthu go léir. Ba cheart smaoineamh ar na difríochtaí laistigh dó agus ar na héilimh éagsúla atá acu go léir.

Maidir le hairgead a chaitear orthu, ní airgead amú oiread agus cent amháin a chaitear ar fhoilsiú na Gaeilge. Caitear gach uile phigin go rathúil, go ciallmhar agus go tuisceanach. Níl aon duine ag déanamh lab airgid as a bheith ag foilsiú nó, go deimhin, as scríobh as Gaeilge ach an oiread. Is ar son na tíre é. Sin í an fhírinne. Is é sin atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.