Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 April 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Ms Elly Shaw:
Tá Comhar ag dul chuig síntiúsóirí don chuid is mó, agus ansin téann cóipeanna áirithe chuig siopaí ar fud na tíre. Is an mórdhíoltóir Eason a scaipeann na hirisí chuig na siopaí difriúla. Is gnáth-shiopaí nuachtáin áitiúla atá i gcuid acu; ní gá gur siopaí Eason iad. Anuas air sin, ceannaítear an-chuid cóipeanna ar líne agus tá síntiús ag roinnt mhaith leabharlanna ar fud na tíre in an-chuid contaetha. Le mí anuas tá muid tar éis cur le líon na leabharlanna le deich leabharlann nua i Ros Comáin, Muineacháin, Loch Garman, Corcaigh agus Ciarraí. Ar fud na tíre, tá an iris ar fáil sna leabharlanna sin.
Ó thaobh na leabhar de, foilsíonn LeabhairCOMHAR cúig nó sé leabhar gach bliain. Ceannaítear an-chuid de na leabhair ar líne ar comhar.ie. Sin margadh amháin. Scaipeann an díoltóir leabhar Áis ár leabhair ar na siopaí éagsúla ar fud na tíre agus díolann sé an-chuid de na leabhair. Faigheann muid liosta gach trí mhí ag rá linn cé mhéad leabhar atá á díol ach níl muid cinnte cén siopa a cheannaigh iad. Sular thosaigh Covid agus gach rud, bhí an-chuid seoltaí leabhar againn agus díoladh an-chuid cóipeanna de leabhar a bhí á sheoladh. Sin rud a chuir mise an-suntas ann. Dá mbeadh seastán leabhar aon áit, bheadh an-chuid leabhar á díol mar bhí a fhios ag daoine go raibh na leabhair ann. Bhí siad tar éis éisteacht le duine éigin ag labhairt faoin leabhar agus mealladh iad chun an leabhar a cheannach. Anuas air sin, cheannaigh siad leabhair eile nach raibh a fhios acu go raibh fiú ann. Tharlódh sé sin in áiteanna cosúil le hOireachtas na Samhna agus comhdhálacha i UCD, i gCorcaigh nó ar fud na tíre.
No comments