Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Professor Alan Titley:

Deirtear linn nach bhfuil cead againn focal a athrú sa mhéid atá scríofa againn. Mar sin, léifidh mé amach é agus beidh caoi ag an gcoiste ceisteanna deacra, diana a chur orm ar ball, tá súil agam.

Tá mo ráiteas scríofa i dtaobh chothú léitheoireachta na Gaeilge. Cuid bhunúsach d’aon tacaíocht don Ghaeilge is ea polasaí láidir, soiléir, neamhleithscéalach foilsitheoireachta agus léitheoireachta. Fág gurb í labhairt na teanga is tábhachtaí ar fad, ní mhaireann agus ní neartaíonn aon teanga gan litríocht agus gan léitheoireacht a bheith á tacú. Go deimhin, is ar éigean go mbeadh aon teanga bheo ar fiú meas ar bith a bheith uirthi de cheal litríocht láidir agus pobal a thuigfeadh í. Is beag rud ar féidir linn tosaíocht i measc thíortha na hEorpa ina thaobh a mhaíomh, seachas go bhfuil traidisiún leanúnach neamhbhriste litríochta níos faide agus níos sine ná aon teanga eile againn sa taobh seo den domhan go léir. Ní beag, agus is mór, an méid sin féin. Bheifí ag súil go ndéanfadh an Stát Éireannach a sheacht ndícheall é sin a neartú, a chothú is a chraobhú.

Tá toisí éagsúla leis seo. Sonraím ceithre cinn díobh a leanas mar chnámharlach d’aon phlé ciallmhar.

Is é an chéad cheann ná tacaíocht leanúnach neamhghuagach a thabhairt do na foilsitheoirí. Tá feabhas ollmhór tagtha ar fhoilsiú leabhar Gaeilge le suim de bhlianta anuas. Is geall le míorúilt a bhfuil bainte amach acu i lár na bailbhe. Is cúis iontais go minic an t-ardchaighdeán deartha, clóite, páipéir, leagan amach agus eagarthóireachta a léiríonn siad ar bheagán acmhainní. Ábhar mór mórtais agus gairdis is ea é seo. Ina choinne sin, is dúshlán gan chríoch é an t-ardchaighdeán seo a choimeád de shíor in éagmais aon phlean faoi leith a thabharfadh caoi phleanála dóibh go ceann suim réasúnta de bhlianta chun cinn.

Is é an dara ceann ná scéimeanna oiliúna éagsúla do scríbhneoirí. Is geall le timpiste ghlantseansúil é go dtagann scríbhneoirí ar an bhfód gan chuireadh gan iarraidh. Tá sé seo go breá, fad is a ritheann sé. Toisc cineálacha éagsúla litríochta agus cineálacha difriúla léitheoirí a bheith ann, áfach, is mór an baol go mbeadh soláthar léitheoireachta ar fiarsceabha. Is é sin, roghnófaí go dtiocfadh scata úrscéalta de chuid seánra amháin chun tosaigh le barr seans agus go bhfágfaí seánraí eile i leataoibh na slí. Cé go bhfuil ceardlanna maithe ann cheana féin, is mó atá siad dírithe ar fhoghlaimeoirí ná ar aon dream eile. Tá gá le hoiliúint a chur ar scríbhneoirí bunaithe chomh maith le bearta éagsúla tacaíochta eile.

Is é an tríú ceann ná oideachas agus cúlú na léitheoireachta. Is geall le híoróin anois é nuair atá foilsiú na Gaeilge sláintiúil go maith, seachas mar a bhíodh, gur léir go bhfuil an bhéim a chuirtear ar léitheoireacht leabhar ag lagú sa chóras oideachais ar gach leibhéal. Níl aon ghá le taighde ollmhór a dhéanamh air seo. Is leor fianaise aon mhúinteora a chaith suim de bhlianta sa seomra ranga nó sa léachtlann. Is mó sin mac léinn a shroicheann an ollscoil gan oiread is leabhar Gaeilge amháin a léamh i gceart, ach is léir nach mbaineann é seo leis an dream uasal seo atá i láthair anseo linn. Is fíor nach fadhb í seo a bhaineann leis an nGaeilge amháin, ach má uiscítear an ceangal atá ag léamh leabhar leis an oideachas, is gach duine a bheidh thíos leis.

Is é an ceathrú ceann ná poiblíocht, poiblíocht arís agus poiblíocht arís eile fós. Ceannaítear, díoltar agus léitear leabhair toisc go bhfuil a fhios ag daoine gurb ann dóibh. Is ea, ní foláir dóibh a bheith go maith d’fhonn is go leanfaí á léamh, ach is í an phoiblíocht, an phoiblíocht, agus an phoiblíocht ó chluas go cluas agus ó aerthonn go haerthonn a thugann an chéad speach agus an chéad mhúscailt. Arís eile ar ais, déanann na foilsitheoirí a ngnó chomh héifeachtach agus a ligeann a n-acmhainn dóibh go minic, agus cé go bhfuil gá mór le breis eolais a scaipeadh ar na meáin Ghaeilge féin, is í an bhearna mhór ná an ciúnas iomlán, an neamhaird chuimsitheach agus an fhaillí gan náire a dhéanann na mórmheáin eile in aon leabhar Gaeilge, go fiú dá mbainfeadh sé an cloigeann den chine daonna féin le teann gaoise nó aoibhnis. Is mó sin duine, na céadta de mhílte díobh a bhfuil Gaeilge mhaith léite acu, ach nach gcuimhneodh ar aon cheann de na meáin Ghaeilge a chleachtadh. Díth eolais agus cainte agus plé i bhfairsinge shaol na tíre an poll mór atá le líonadh. Is é sin a bhfuil uaim go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.