Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.

Ms Jade Pepper:

Níl an caiteachas deighilte idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is féidir linn é sin a leanúint agus teacht ar ais chuig an gCathaoirleach maidir leis sin. Tá na figiúirí maidir le caiteachas ar acmhainní Gaeilge agus ar aistriúcháin anseo, más mian leis an gcoiste.

Tá deighilt mhór idir 2020 agus 2021 agus is féidir a rá, toisc go raibh i bhfad níos mó ábhar le heisiúint i rith na bliana seo caite, gurbh é sin an chúis a bhí leis an gcaiteachas. Ag deireadh 2021, tháinig an méid sin chuig €105,502.19. Is é sin an figiúr iomlán a caitheadh ar an nGaeilge anuraidh i dtaobh acmhainní fógraíochta, aistriúcháin agus oiliúna sa teanga fosta. Más rud é go bhfuil briseadh síos níos sonraí ag teastáil, is féidir liom na figiúirí sin a lorg ach is é sin an caiteachas ina iomlán ar an nGaeilge in 2021.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.