Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ó thaobh na fógraíochta i gcoitinne sa phaindéim, ghlac Paul Reid leis go raibh fadhbanna ó thaobh an cur chuige seo. Maidir leis na figiúirí atá agam ó mhí Mhárta go dtí Meán Fómhair 2020 faoi chaiteachas an FSS ar fhógraíocht i mBéarla agus i nGaeilge ar theilifís, raidió, na meáin shóisialta agus na nuachtáin, tá difríocht shuntasach ann. Ó thaobh fógraí raidió de, caitheadh breis agus €1 milliún sa tréimhse sin ar fhógraí raidió. As sin, ní raibh ach €5,600 caite ar fhógraí raidió as Gaeilge. Ar an teilifís, bhí €1.4 milliún caite ar fhógraíocht i gcoitinne agus ní raibh ach €40,000 nó mar sin caite ar fhógraí as Gaeilge. Ar na meáin shóisialta, caitheadh €135,000 ar fhógraí as Béarla agus sa tréimhse sin, de réir na bhfigiúirí a dtugadh dúinn, níor caitheadh pingin ar fhógraí as Gaeilge. Níor cuireadh fógraí as Gaeilge sna nuachtáin de réir na bhfigiúirí a dtugadh dúinn. Ó thaobh Twitter de, ní raibh ach breis agus 4% de na postálacha a rinne FSS as Gaeilge. Níl a fhios agam ar tháinig feabhas air sin sa chéad tréimhse eile. Níl a fhios agam an bhfuil aitheantas ann anois ar an dualgas breise atá agus a bheidh ar FSS amach anseo toisc an reachtaíocht nua a ritheadh le déanaí, Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, faoin gcaiteachas ar fhógraí as Gaeilge agus an líon ar gá dóibh a shroicheadh. Níl na figiúirí ná a leithéid agam ó thaobh na Roinne féin. Níl a fhios agam an raibh an caiteachas ar an méid céanna. Má tá na figiúirí ag Jade Pepper, an féidir léi iad a roinnt linn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.