Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim mo buíochas le Seán Tadhg Ó Gairbhí ó tuairisc.ie, le Maitiú Ó Coimín ó Nósagus le Cormac Ó hAodha ó Feastaas a bheith anseo linn. Táim ag súil go scríobhfaimid chuig an gCeann Comhairle lena dhéanamh cinnte de go bhfuil síntiús á ghlacadh ag Leabharlann Thithe an Oireachtais ar an bhfíorbheagán de na hirisí atá ann go fóill. Mura bhfuil, iarrfaidh an Ceann Comhairle orthu síntiús a ghlacadh ionas gur féidir linn teacht ar na hirisí seo anois agus muid in ann an Leabharlann a úsáid arís, rud nach rabhamar in ann a dhéanamh le tamall de bhlianta.
Cuireann sé sin clabhsúr leis an díospóireacht. Gabhaim mo bhuíochas arís leis na finnéithe agus leis na comhaltaí a bhí anseo inniu agus a chuidigh leis an bplé seo. Níl aon ghnó eile chun déileáil leis agus tá mé chun an cruinniú seo á chur ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 23 Márta, nuair a phléifear an t-ábhar conas a éireoidh le pobal Gaeltachta tithíocht, seirbhísí agus araile a chruthú. Is é seo an chuid dheireanach den tsraith mar gheall ar phleanáil tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Beidh ionadaithe linn ó Ghlór na Móna, Pobal Bhóthar Seoighe agus Pobal Shleacht Néill chomh maith le Coiste Forbartha Charn Tóchar. Beimid ag tabhairt éisteachta dóibh siúd ar an 23 Márta ar 1.30 p.m.
No comments