Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí:
Maidir le ceist an Chathaoirligh faoi chúrsaí fógraíochta, bhíomar an-bhuíoch den Aire Stáit agus baill an choiste seo as an méid a chuir siad san Acht. Beidh go leor ag brath ar chur i bhfeidhm an Achta agus is dócha go dtuigeann iad siúd atá istigh sa seomra níos fearr ná aon duine eile cén saghas meoin a bhíonn go minic ag an gcóras Stáit maidir leis na dualgais reachtúla ó thaobh na teanga, go háirithe. Chun a bheith go deas faoi, bíonn siad saghas ar nós cuma liom faoin dualgas áirithe sin uaireanta. Beidh go leor ag brath cé acu an gcuirfear i bhfeidhm an méid atá san Acht faoi chúrsaí fógraíochta nó nach gcuirfí. Cinnte, dá gcuirfí i bhfeidhm é, b’fhéidir go ndéanfadh sé an-chuid difríochta go háirithe dúinne i tuairisc.ieagus go mbeadh teacht isteach níos mó againn dá bharr. Beimid ag súil go mór go mbeidh an comhchoiste ábalta a chinntiú dúinne go gcuirfear i bhfeidhm, go háirithe, an chuid sin den Acht.
No comments