Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí:
An rud a bhí i gceist agam le “bunoscionn” ná tagairt a dhéanamh don bhearna idir an maoiniú a fhaigheann tuairisc.ieagus na meáin scríofa eile agus an maoiniú a fhaigheann craoltóirí. Os cionn €60 milliún a fhaigheann craoltóirí na Gaeilge. Nílim ag rá nach bhfuil sé sin ag dul dóibh; tá a thuilleadh ag dul dóibh. Ag an am céanna tá €500,000 ann do dhream amháin agus an méid sin do dhream eile. Tuigim go mbíonn obair theilifíse agus obair raidió níos costasaí uaireanta ná bheith ag scríobh ach sa lá atá inniu ann ba chóir dúinne ag tuairisc.iea bheith ag déanamh na rudaí sin chomh maith. Ba chóir dúinne a bheith ag plé leis an bpodchraoltóireacht agus a bheith ag cur físeáin le gach alt. Sin an áit atá an todhchaí. Sin atá daoine ag súil leis anois. Tá siad ag súil le rud éigin a léamh, rud éigin a fheiscint agus éisteacht le rud éigin, b’fhéidir laistigh d’aon mhír amháin. Ní thugtar a dhóthain aitheantais don athrú sin sa mhaoiniú atá ar fáil dúinn. Téann sé seo i bhfad siar. Chomh fada is a bhí na nuachtáin ann, bhíodar an-ghann ó thaobh maoinithe agus acmhainní de. Sin an fáth gur imigh an oiread sin acu agus go mbíonn nuachtáin ag teacht agus ag imeacht an t-am go léir. Níl a fhios agam cén chúis go stairiúil a bhí leis nó cén dearcadh a bhí ag na daoine thiar de ach ag an bpointe seo tá sé in am féachaint ar an mbearna sin. Nílim ag rá gur chóir €60 milliún a thabhairt dúinne ach dhéanfadh sé an-mhaitheas é a fheabhsú beagáinín.
No comments