Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim chun filleadh ar an bpointe deireanach sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an tuairisc agus an cur i láthair. Bhíos beagáinín deireanach mar go raibh mé thall sa Dáil ach bhíos in ann éisteacht leis na tuairiscí. Gabhaim buíochas le Cormac, Maitiú agus Seán Tadhg. Tá eolas éagsúil anseo. Tá sé iontach go bhfuil réimse chomh leathan ann idir an nuachtán laethúil, an iris agus rudaí online agus offline. Tá sé sin an-chabhrach. Tá na foilseacháin go léir ag freastal ar riachtanais dhifriúla. Mar shampla, tá riachtanais áirithe ag scoláirí nó lucht léann a bheadh ag lorg eolais. Ní gá go mbeadh gach rud scríofa inniu nó inné má tá cartlann ann. Tá an-chuid ábhar léitheoireachta le teacht chun cinn nó ar fáil an-tapa agus bheadh cartlann shaibhir an-úsáideach. Ní fheadar an bhfuil cartlann á chur le chéile ag Nóstuairisc.iechomh maith. Bheadh sé níos éasca dá mbeadh na rudaí á fhoilsiú de réir a chéile. Tá deis iontach ansin. Conas a chuirfí a leithéid ar fáil, i gcomhair Feastanó aon iris eile? Cad iad na céimeanna? Cén saghas maoiniú a bheadh i gceist? Cén teagmháil a bheadh le Foras na Gaeilge nó a leithéid chun é sin a chur i gcríoch? Bhí plé maith againn cúpla seachtain ó shin agus cuireadh an-bhéim ar fhorbairt scríbhneoirí nua ach tá an-chuid scríbhneoireacht ann cheana féin go bhféadfaí a theacht air. Cén saghas plé a bheadh ag foilseachán le Foras na Gaeilge nó aon eagraíocht eile chun é sin a chur ar fáil?

Luaigh Seán Tadhg go bhfuil rud éigin bunoscionn leis an maoiniú atá ar fáil. An bhféadfadh sé leathnú air sin? Tá gach cosúlacht go bhfuil an rud céanna le brath ag Maitiú agus Cormac, má tá pointí acu faoi sin freisin. Cá as a dtagann an maoiniú chun FeastaNós? Cad iad na foinsí gur chóir a bheith ag freastal orthu ach nach bhfuil? Cá bhfuil na deiseanna chun fás? Tá sé soiléir nach bhfuil fás ar líon na n-irisí agus go bhfuil brú ann. Tá sé tábhachtach go mbeadh réimse leathan léitheoireachta ar fáil i gcomhair pobal na Gaolainne, bíodh go bhfuil siad ag léamh mar chaitheamh aimsire nó mar thaighde nó pé rud.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.