Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé deacair gan mearbhall a bheith orm agus mé ag éisteacht agus ag iarraidh é seo a chíoradh. Níor fhreagair an tAire Stáit mo cheist. An bhfuil sí ag admháil go bhfuil dualgais na Roinne faoin scéim teanga agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla sáraithe, agus nach raibh an dara rogha ag an gcoimisinéir ach an chéim dheireanach a thógáil agus an tuarascáil a chur os comhair na Dála? Ligfidh mé do mo chomhghleacaithe díriú air sin. Beidh cíoradh i gceist maidir le cá bhfuil muid ag dul. Seacht mbliana tar éis an ghearáin, agus na gearáin fós ag teacht isteach, tá fadhb ann. Tá logainm.ieagus iadsan leis an saineolas ag cur an t-eolas ar fáil. Tá eagraíocht ann arb ainm GeoDirectory - sin An Post agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann faoin teideal GeoDirectory - agus ansin tá an comhlacht príobháideach, agus conradh idir an Roinn agus an comhlacht príobháideach sin. Níor chinntigh an Roinn sa chonradh go mbeadh an dualgas maidir le seoltaí agus ainmneacha Gaeltachta á chomhlíonadh. Tá litir anseo agam ó GeoDirectory, i mBéarla agus i nGaeilge. Deir sé:

Tá ról lárnach ag GeoDirectory maidir le sonraí a sholáthar don táirge Eircode [tá sé sin soiléir] atá mar uirlis ríthábhachtach bonneagair d'Éirinn. Mar chuid den phróiseas seo, cuirimid na leaganacha Béarla agus Gaeilge de na sonraí seolta ar fáil do Capita/Eircode [sin an comhlacht príobháideach]. Is féidir le Capita ceachtar den dá leagan den seoladh nó an dá theanga a úsáid ina gcuid táirgí.

Cuireann siad an t-eolas ar fáil don chomhlacht príobháideach agus ceapann Capita go bhfuil rogha acu idir an dá rud. Ar a laghad tá an t-eolas acu ó na saineolaithe. Cad atá ag tarlú leis an gcomhlacht príobháideach nach bhfuil siad ag comhlíonadh na ndualgas atá orthu? Tá siad ag feidhmiú ar son na Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.